Curaclam
Féadfaidh an t-oideachas sraithe sinsearaí in Éirinn a bheith dhá bhliain nó trí bliana ar fad. Féadfaidh scoláirí clár Ardteistiméireachta dhá bhliain a dhéanamh nó bliain roghnach bhreise a dhéanamh ag tús na sraithe sóisearaí. An Idirbhliain a thugtar uirthi sin.
Déanann formhór na scoláirí an Ardteistiméireacht ag deireadh na sraithe sinsearaí. Is gnách le scoláirí idir 6 agus 8 n-ábhar a roghnú as liosta ábhar faofa.
Déanann scoláirí a roghnaíonn Gairmchlár na hArdteistiméireachta 6 nó 7 n-ábhar Ardteistiméireachta mar aon le dhá nascmhodúl: Ullmhúchán do Shaol na hOibre agus Oideachas Fiontraíochta.
Déanann scoláirí a roghnaíonn an Ardteistiméireacht Fheidhmeach clár réamhghairme ina bhfuil raon cúrsaí bunaithe ar thrí eilimint: Gairmullmhúchán, Gairmoideachas agus Oideachas Ginearálta.
Athbhreithniú ar Churaclam na Sraithe Sinsearaí
Tá roinnt ábhar Ardteistiméireachta faoi athbhreithniú i láthair na huaire.
An Ardteistiméireacht Bhunaithe
Clár dhá bhliain is ea an Ardteistiméireacht (Bhunaithe) a fhéachann le hoideachas leathan cothromaithe a thabhairt d'fhoghlaimeoirí agus an deis a thabhairt dóibh ag an am céanna ullmhú faoi choinne roghanna ardoideachais agus gairme ar leith.
I gcoitinne, déanann scoláirí cúig ábhar nó níos mó (seacht gcinn, de ghnáth) sa scrúdú, agus caithfidh an Ghaeilge a bheith ina measc. Is gnách ábhar a dhéanamh ag an nGnáthleibhéal nó ag an Ardleibhéal. Tá trí ábhar ann – Gaeilge, Béarla agus Matamaitic – ina gcuirtear Páipéar Bonnleibhéal ar fáil, leis.
Tá siollabais ar fáil i 34 ábhar. Baineann gach ábhar le grúpa ábhar, mar a thaispeántar sa tábla thíos. Baineann dhá ábhar – Eacnamaíocht Bhaile agus Fisic agus Ceimic – le dhá ghrúpa.
An Grúpa Teangacha |
Gaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Laidin, Gréigis, Spáinnis, Araibis, Seapáinis, Rúisis, Staidéar Clasaiceach, Léann Eabhrach, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis |
---|---|
An Grúpa Eolaíochta |
Matamaitic Fheidhmeach, Bitheolaíocht, Ceimic, Matamaitic, Fisic, Fisic agus Ceimic |
An Grúpa Staidéar Gnó |
Cuntasaíocht, Gnó, Eacnamaíocht |
An Grúpa Eolaíochtaí Feidhmeacha |
Eolaíocht Talmhaíochta, Staidéar Foirgníochta, Innealtóireacht, Eacnamaíocht Bhaile, Fisic agus Ceimic, Grafaic Dheartha agus Chumarsáide |
An Grúpa Staidéar Sóisialta |
Ealaín, Tíreolaíocht, Stair, Eacnamaíocht Bhaile, Ceol, Polaitíochta agus Sochaí |
Le cois na n-ábhar seo, cuireann Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúduithe ar fáil in aon cheann de theangacha aitheanta an Aontais Eorpaigh, i gcás ina meastar go bhfuil stádas cuí ag an iarrthóir/iarratasóra.