Is gearrchúrsa 100 uair an chloig é gearrchúrsa Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) na Sraithe Sóisearaí. Dearadh é seo chun tacú le scoileanna an 100 uair an chloig d’fhoghlaim is gá san OSPS, ar riachtanas íosta é i ngach clár de chuid na sraithe sóisearaí, a sholáthar.
Is é is aidhm leis an bhfoghlaim san OSPS ná cabhrú le scoláirí
- féinfheasacht agus féinmheas dearfach a fhorbairt
- an t-eolas, an tuiscint, na scileanna, na meonta agus na luachanna a fhorbairt a thacóidh leo saol sásúil sláintiúil a chaitheamh
- an bhraistint a bheith acu go bhfuil sé ar a gcumas caidrimh mheasúla cheanúla a chruthú, a chothabháil agus a chothú leo féin agus le daoine eile
- cur lena n-acmhainneacht chun cur go dearfach leis an tsochaí
Foilsíodh an gearrchúrsa seo den chéad uair in 2016 agus nuashonraíodh é in 2023.
Nóta: Beidh scoláirí a chuireann tús lena gcéad bhliain i Meán Fómhair 2023 ag déanamh staidéar ar shonraíocht 2023.