Bhur gclár Idirbhliana a athnuachan Acmhainní chun machnaimh ar bhur gcuraclam Idirbhliana a ghabháil ‘Is ionann clár éifeachtach IB, rud a bheidh uathúil i ngach scoil, agus clár ina bhfeidhmíonn gach gné den churaclam chun an scoláire a fhorbairt i gcomhréir leis na Gnéithe Scoláire.’ (Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, 2024) Is é cuspóir an bhosca uirlisí seo cuidiú le scoileanna le machnamh a dhéanamh ar a gcuraclam Idirbhliana agus an curaclam céanna a athnuachan. Cheap foireann de chomhordaitheoirí Idirbhliana na trí chomhpháirt, i dteannta le heiseamláirí. Machnamh a dhéanamh ar ár gcuraclam Is é cuspóir na hacmhainne seo tacú le do scoil le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtacaíonn curaclam Idirbhliana na scoile le foghlaim agus forbairt an scoláire Idirbhliana. Úsáideann na ceithre thábla san acmhainn seo na ceithre Ghné Scoláire mar lionsa le haghaidh machnaimh. Is iad na Gnéithe Curaclaim a thugann treoir duit machnamh a dhéanamh ar bhur gcuraclam Idirbhliana mar atá faoi láthair agus cuimhneamh ar an gcaoi a bhféadfaí an clár Idirbhliana a athnuachan. Machnamh a dhéanamh ar ár gcuraclam – acmhainn (pdf) Machnamh a dhéanamh ar ár gcuraclam – acmhainn (word) Machnamh a dhéanamh ar ár gcuraclam – eiseamláir (pdf) Machnamh a dhéanamh ar thaithí ár scoláirí Is é cuspóir na hacmhainne seo tacú le do scoil le machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh comhpháirteanna de chlár Idirbhliana na scoile a bheith níos ailínithe le taithí an scoláire ar gach Gné Scoláire. Iarrtar ort san acmhainn seo machnamh a dhéanamh ar thaithí na scoláirí ar an gclár Idirbhliana mar atá faoi láthair, agus cuimhneamh chun tosaigh ar an gcaoi a bhféadfadh clár Idirbhliana athnuaite tacaíocht níos éifeachtúla a thabhairt do gach scoláire. Machnamh a dhéanamh ar thaithí ár scoláirí – acmhain (pdf) Machnamh a dhéanamh ar thaithí ár scoláirí – acmhain (word) Machnamh a dhéanamh ar thaithí ár scoláirí – eiseamláir (pdf) Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna Tá na Comhpháirteanna ar cheann de na ceithre Ghné Churaclaim de Ráiteas Chlár na hIdirbhliana. Tá an Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna thíos bunaithe ar Thábla 3 Áit na gcomhpháirteanna i gcuraclam IB i Ráiteas Chlár na hIdirbhliana. Is féidir úsáid a bhaint as an Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna ar bhealaí difriúla i bpróiseas ginearálta an mhachnaimh agus na hathnuachana. Mar shampla, mar thábla achomair ag deireadh an phróisis machnaimh chun na comhpháirteanna de chlár athnuaite Idirbhliana a ghabháil, nó chun tús a chur leis an bpróiseas machnaimh agus aird a tharraingt ar na gnéithe den chlár Idirbhliana a d’fhéadfaí a athnuachan. Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna – acmhainn (pdf) Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna – acmhainn (word) Tábla Forléargais ar na Comhpháirteanna – eiseamláir (pdf)