Cuirtear le forbairt iomlánaíoch an duine nuair a fhoghlaimítear trí na healaíona. Cuireann Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta le réimse na n-ábhar praiticiúil, bunaithe ar na healaíona, i gcuraclam na sraithe sinsearaí, ag spreagadh agus ag cur chun cinn oideachais leathain. Cuirtear deiseanna ar fáil i Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta d’eispéiris phearsanta, aeistéitice, chomhoibríocha agus fheabhsaithe ó thaobh an chultúir de. De réir mar a chuireann an scoláire an t-eolas, na scileanna, luachanna agus meonta i bhfeidhm a bhfuil gá leo chun coincheapa a thabhairt chun críche – ina aonar agus i ngrúpaí - rachaidh sé i ngleic le, tabharfaidh sé freagra ar, déanfaidh sé anailís agus measúnú ar a shaothar féin agus ar shaothar daoine eile. Má thugann an scoláire faoin ábhar seo cabhrófar leis smaointeoireacht chruthaitheach agus chriticiúil agus tuairimí feasacha a fhorbairt. Cuirtear deiseanna ar fáil don scoláire san ábhar seo smaoineamh ar bhealach éagsúil agus radacach fiú, eispéiris aeistéitice a fhiosrú, fadhbanna a réiteach agus gnásanna agus an ceartchreidimh a cheistiú. Sonraíocht churaclaim do Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta (2025)
Sonraíocht churaclaim do Léann na Drámaíochta, na Scannán agus na hAmharclannaíochta de chuid na hArdteistiméireachta (2025)