Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Timpeall an domhain in ochtú lá (Leibhéal 1)

Tá sé mar aidhm ag an ngearrchúrsa seo taithí an scoláire ar an neamhspleáchas i ndáil leis an taisteal a fhorbairt. Forbraíonn sé freisin eolas, scileanna cognaíocha, sóisialta agus praiticiúla. Baintear é sin amach i gcomhthéacs na foghlama faoina bhaile, faoina scoil agus faoina phobal i gcoitinne, agus trí eolas a fhorbairt ar chultúir eile.