Ceapadh Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte na Sraithe Sinsearaí (OSPS) chun tacú le scoileanna foghlaim de 60 uair an chloig ar a laghad a chur ar fáil in OSPS thar an dá bhliain dheiridh d'oideachas na sraithe sinsearaí.
Is é is aidhm leis an bhfoghlaim san OSPS ná cumhacht a thabhairt don scoláire
- a bheith ina dhuine óg sláintiúil, muiníneach, freagrach agus comhbhách a bhfuil teacht aniar ann
- chun caidrimh mheasúla, ghrámhara agus chomhbhácha a chothú agus
- chun ullmhú le haghaidh na ndeiseanna, na bhfreagrachtaí agus na n‑eispéireas sa saol anois agus tar éis na scoile