Curaclam na Bunscoile (1999)
Cuirtear an Churaclam na Bunscoile (1999) i láthair i bhfoirm sheacht réimse, agus cuid acu sin roinnte arís ina n-ábhair. Is iad sin:
- An Ghaeilge agus an Béarla
- An Mhatamaitic
- Oideachas Sóisialta, Comhshaoil agus Eolaíochta (OSCE): stair, tíreolaíocht agus eolaíocht
- Oideachas Ealaíon: na hamharcealaíona, an ceol agus an drámaíocht
- Corpoideachas
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
- Cúram de chuid fhorais pátrúnachta na scoileanna éagsúla is ea an t-oideachas reiligiúnach nó eiticiúil.