Clár Foghlama Leibhéal 1 agus Clár Foghlama Leibhéal 2
Tá Clár Foghlama Leibhéal 1 na Sraithe Sinsearaí agus Clár Foghlama Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí le teacht i ndiaidh Chláir Foghlama úra Leibhéal 1 (CFL1anna) agus Leibhéal 2 (CFL2anna) sa tsraith shóisearach. Is é aidhm na gclár sraithe sinsearaí ná an scoláire a ullmhú don saol i ndiaidh na scolaíochta, rud a chumasóidh é le bheith ina fhoghlaimeoir fadsaoil agus le bheith níos neamhspleáiche. Is cláir shainoiriúnaithe iad cláir Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na sraithe sinsearaí a fhreastalaíonn ar riachtanais faoi leith foghlama an scoláire.
Cliceáil ar an ngrafach thíos chun rochtain a fháil ar an Ráiteas Chláir. Is féidir leat rochtain a fháil ar na réimsí curaclaim agus na sruthanna roghnacha do gach leibhéal trí chliceáil ar an leibhéal iomchuí.