Riarachán Oifige agus Cúram Custaiméirí
Dearadh an cúrsa Riarachán Oifige agus Cúram Custaiméirí chun scileanna agus cumais an scoláire a fhorbairt i raon leathan inniúlachtaí pearsanta agus gairme. Ba cheart go soláthródh an cúrsa seo an oiread deiseanna agus is féidir do ghníomhaíochtaí praiticiúla agus chuige sin moltar go socrófaí oifig chleachtaidh sa seomra ranga.