Stair (Leibhéal 2)
Dearadh sonraíocht ghearrchúrsa Staire na Sraithe Sóisearaí do scoláirí a leanann cláir foghlama Leibhéal 2. Tabharfar isteach i scoileanna í ag tús na scoilbhliana 2023/24. Dearadh an cúrsa seo le haghaidh 100 uair a chloig de rannpháirtíocht seomra ranga. Tá na torthaí foghlama leagtha amach de réir trí shnáithe:
- Snáithe 1: A bheith i do staraí
- Snáithe 2: An domhan a fhiosrú tríd am
- Snáithe 3: Taighde a dhéanamh ar an am atá thart i m’áit
Tá na torthaí foghlama i ngach snáithe leagtha amach de réir dhá ghné:
- Taithí a fháil agus páirt a ghlacadh
- Freagairt agus machnamh a dhéanamh