Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Treoir maidir le machnamh

Treoir ghinearálta le haghaidh chomhpháirt an Chleachtais Mhachnamhaigh Faoi Threoir

Tugann Ráiteas Chlár na hIdirbhliana deis do gach scoláire páirt a ghlacadh sa Cleachtas Machnamhach faoi Threoir mar chuid dá dtaithí Idirbhliana. Is é príomhfheidhm an Chleachtais Mhachnamhaigh faoi Threoir ná go mbeadh an scoláire ag machnamh agus ag cuimhneamh chun tosaigh, mar shampla, i gcás spriocanna, gaiscí, feabhsúchán, taithí, beart agus cinnteoireachta.

Moltar rang amháin sa tseachtain ar a laghad chun freastal ar an gcomhpháirt seo. Tá machnamh faoi threoir, ar bhealach struchtúrtha, riachtanach don scoláire san Idirbhliain de bharr go gcuidíonn sé leis an bhfoghlaim a dhaingniú, féinfheasacht a fhorbairt agus feabhas a chur ar scileanna smaointeoireachta criticiúla le linn don scoláire a bheith rannpháirteach in eispéiris foghlama thaitneamhacha, bhríocha ar feadh na bliana.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.