Béarla
Fáilte go Béarla na Sraithe Sóisearaí.
Is é is aidhm atá ag Béarla sa tsraith shóisearach eolas an scoláire ar theanga agus ar litearthacht a fhorbairt, chun a scileanna litearthachta a leabú agus a neartú agus é a dhéanamh níos féinfheasaí mar fhoghlaimeoir. Leagtar amach sa tsonraíocht, ionchais shoiléire don scoláire, ar fud na dtrí shnáithe comhtháite de theanga ó bhéal, de léitheoireacht agus de scríbhneoireacht. Chun breathnú ar an tsonraíocht churaclaim, ar na treoirlínte measúnaithe agus ar shamplaí d’obair an scoláire cliceáil ar an ngrafaic.