Araibis Is é is aidhm le hAraibis na hArdteistiméireachta cumas an scoláire a fhorbairt leis an Arabais a úsáid chun críche cumarsáide; an t-idirspleáchas idir teanga agus cultúr a fhiosrú; léirthuiscint ar luach teangacha chun críocha pearsanta, oideachasúla, gairme agus fóillíochta, ar feadh an tsaoil, a chothú; agus taitneamh a bhaint as foghlaim teanga. Tá sé d’aidhm aici inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha an scoláire a fhorbairt trí úsáid agus feasacht teanga, ag spreagadh fhorbairt agus úsáid straitéisí foghlama teanga, ag cothú tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn an Araibis agus á aithint gur féidir go gcabhrófaí le próiseas na foghlamtha teanga má dhéantar ceangail idir teangacha. Tá sonraíocht Araibis na hArdteistiméireachta ceaptha lena húsáid ag scoláirí a bhfuil inniúlacht bhunúsach teanga acu in Araibis agus ag scoláirí a bhfuil cúlra oidhreachta/ pobail/ teanga baile acu ar mian leo a scileanna ina stór cumarsáideach a fheabhsú chomh maithe lena n inniúlacht ilteangach agus ilchultúrtha. Is é is aidhm don tsonraíocht le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta inniúlacht teanga chumarsáideach a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le bandaí A2 – B1 den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE) agus lena thuairisceoirí. Cuirfear measúnú ar fáil ag an Ardleibhéal agus ag an nGnáthleibhéal araon. Cuirfear an tsonraíocht seo i bhfeidhm i scoileanna ó Mheán Fómhair 2025. Leanfaidh daltaí atá ag tabhairt faoin Araibís faoi láthair leis an tSiollabas reatha don Arabis. (Siollabas Araibise na hArdteistiméireachta (Siollabas Eatramhach), atá ar fáil thíos. Sonraíocht churaclaim le haghaidh Araibis na hArdteistiméireachta ó 2025 a íoslódáil Siollabas eatramhach Araibise na hArdteistiméireachta (le scrudú go dtí Meitheamh 2026)