Réamhrá
Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá CNCM ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Curaclaim Bunscoile san Oideachas Ealaíon; ar na Nuatheangacha Iasachta i gCuraclam Teanga na Bunscoile; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil (OSI); ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht (ETI); agus ar an bhFolláine ó 6 Márta go 7 Meitheamh, 2024. Cuimsíonn an comhairliúchán poiblí roinnt míreanna lena n-áirítear aighneachtaí scríofa, ceistneoirí, imeachtaí fócasghrúpa agus rannpháirtíocht i líonraí scoileanna. Chun páirt a ghlacadh sna forbairtí seo, téigh go dtí an leathanach Comhairliúcháin.
Tugtar cuntas i gCuraclam na Bunscoile (1999) ar an méid a fhoghlaimíonn páistí agus an tslí ina bhfoghlaimíonn siad sna hocht mbliana bunscoile, ó naíonáin shóisearacha go rang a sé. Seo iad aidhmeanna an churaclaim:
- an gealladh atá faoi gach páiste a chomhlíonadh ina iomláine
- dúil sa léinn a chothú i ngach páiste
- cabhrú le páistí scileanna a shealbhú, a bheidh úsáideach ar feadh a saoil.
Cuirtear an curaclam i láthair i bhfoirm sheacht réimse, agus cuid acu sin roinnte arís ina n-ábhair. Is iad sin:
- An Ghaeilge agus an Béarla
- An Mhatamaitic
- Oideachas sóisialta, comhshaoil agus eolaíochta (OSCE): stair, tíreolaíocht agus eolaíocht
- Oideachas ealaíon: na hamharcealaíona, an ceol agus an drámaíocht
- Corpoideachas
- Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS)
- Cúram de chuid fhorais pátrúnachta na scoileanna éagsúla is ea an t-oideachas reiligúnach nó eiticiúil.
Eolas breise.
Measúnú
Is é atá i gceist leis an measúnú pictiúr a fháil de dhul chun cinn páiste thar thréimhse ama i ngach cuid den churaclam. Bíonn slite éagsúla ag múinteoir chun fianaise leanúnach a bhailiú mar gheall ar an tslí ina bhfoghlaimíonn daltaí agus faoin méid a fhoghlaimíonn siad. Baintear úsáid as an bhfianaise sin chun an dalta a mholadh as an méid atá bainte amach, agus chun cinntí a dhéanamh faoi na chéad chéimeanna foghlama eile.