Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis
Cuireadh cur chuige coiteann i bhfeidhm chun an tsonraíocht a fhorbairt le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí do na ceithre theanga churaclaim: Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis.
NUASHONRÚ
Tabharfar isteach sonraíocht athbhreithnithe do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí (CNCM, 2024) do scoláirí sa chéad bhliain i Meán Fómhair 2026.
Cuirfear deireadh de réir a chéile leis an tsonraíocht churaclaim reatha le haghaidh
NTI
Nuatheangacha Iasachta
na Sraithe Sóisearaí (CNCM, 2017) leis an cohórt scoláirí 2025 - 2028 (scoláirí sa tríú bliain in 2028). Le tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas forbartha curaclaim don tsonraíocht athbhreithnithe, cliceáil anseo.
Tá an tsonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí deartha le haghaidh 200 uair an chloig ar a laghad de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama agus is é aidhm na sonraíochta inniúlacht chumarsáideach teanga a fhorbairt atá ag teacht den chuid is mó le banda A (A1 go A2, úsáideoir bunúsach) den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach: Foghlaim, teagasc, measúnú (
FTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa Foghlaim, Teagasc agus Measúnú in 2001. Cuireann an creat tagartha seo uirlisí, treoirlínte, agus acmhainní ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na dteangacha.
) agus a thuairisceoirí.
Gearrchúrsaí nuatheangacha iasachta sa tsraith shóisearach:
Anuas ar shonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí don Fhraincis, don Ghearmáinis, don Iodáilis agus don Spáinnis, tá na gearrchúrsaí seo a leanas ar fáil do scoláirí sa tsraith shóisearach:
Tá gearrchúrsa i dTeanga agus Cultúr na Síne a d’fhorbair
CNCM
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
ar fáil anseo.
Tá gearrchúrsaí sa Pholainnis, sa Rúisis, sa tSeapáinis agus sa Liotuáinis, a d’fhorbair TIBÉ, ar fáil anseo.