Aidhm agus cuspóirí
Aidhm
Is éard is aidhm le creat corpoideachais na sraithe sinsearaí ná rannpháirtíocht mhuiníneach, shultmhar agus oilte an fhoghlaimeora sa ghníomhaíocht choirp a spreagadh le linn dó a bheith ag gabháil don tsraith shinsearach agus níos faide anonn sa saol.
Cuspóirí
Is iad cuspóirí chorpoideachas na sraithe sinsearaí tacú leis an bhfoghlaimeoir i dtaca leo seo a leanas:
- muinín, inniúlacht agus cruthaitheacht a fhorbairt i réimse gníomhaíochtaí coirp
- a bheith rannpháirteach sa ghníomhaíocht choirp laistigh agus lasmuigh den scoil
- imscrúdú a dhéanamh ar luach na gníomhaíochta coirp i gcomhthéacsanna éagsúla
- tuiscint a chur ar an ngníomhaíocht choirp lena bhforbraítear corpacmhainn shláintebhunaithe agus tabhairt faoin ngníomhaíocht choirp sin
- tabhairt faoi róil éagsúla sa ghníomhaíocht choirp
- iompraíocht fhreagrach shóisialta agus phearsanta a léiriú sa ghníomhaíocht choirp, lena n áirítear féinmheas agus meas ar dhaoine eile
- a bheith ina rannpháirtithe oilte sa ghníomhaíocht choirp.