Tacar Uirlisí na Folláine
Le Tacar Uirlisí na Folláine, cuirtear tacaíocht phraiticiúil ar fáil do mhúinteoirí chun eispéiris foghlama shaibhre a chruthú do pháistí. Tá ábhair thacaíochta, samplaí d’fhoghlaim na bpáistí agus tacaíocht maidir le dul chun cinn sa tacar uirlisí. Tá tacar uirlisí na Folláine i mbun forbartha faoi láthair agus foilseofar ábhair thacaíochta bhreise de réir a chéile chun tacú le cur i bhfeidhm an churaclaim.
Beidh treoir maidir le pleanáil agus ullmhú ar fáil i Meán Fómhair 2026
Beidh tacaíochtaí le haghaidh dul chun cinn ar fáil i Meán Fómhair 2026
Forbrófar samplaí d’fhoghlaim na bpáistí de réir a chéile i rith chur i bhfeidhm an churaclaim