Eispéireas na sraithe sinsearaí De réir fhís oideachas na sraithe sinsearaí bíonn an foghlaimeoir i lár an eispéiris oideachasúil. Cuirfidh an t-eispéireas sin ar chumas foghlaimeoirí a bheith seiftiúil, a bheith muiníneach, a bheith rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí, agus suim a chothú iontu san fhoghlaim ar feadh a saoil amach anseo. Tá an fhís seo den fhoghlaimeoir (Fíor 2) bunaithe ar na luachanna agus ar na prionsabail ar a bhfuil an tsraith shinsearach tógtha. Is é an curaclam-lena n-áirítear ábhair agus cúrsaí, príomhscileanna leabaithe, torthaí foghlama curtha in iúl go soiléir, agus cuir chuige éagsúla i leith an mheasúnaithe-is é an meán é trína bhfíoraítear an fhís seo don fhoghlaimeoir. Ag leibhéal praiticiúil, tacaítear le soláthar eispéireas oideachasúil d’ardchaighdeán a tsraith shinsearach trí na nithe seo a leanas pleanáil, forbairt, eagrú agus meastóireacht éifeachtach curaclaim cuir chuige teagaisc agus foghlama a spreagann agus a chothaíonn spéis i measc foghlaimeoirí, a chuireann ar a gcumas dul chun cinn a dhéanamh, a gcuid foghlama a dhoimhniú agus a chur i bhfeidhm, agus a fhorbraíonn a gcumas chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do lucht bainistíochta scoileanna a chuireann ar a gcumas forbairt agus athruithe curaclaim ina gcuid scoileanna a threorú cultúr scoile a léiríonn meas ar fhoghlaimeoirí, a spreagann iad chun freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama féin thar am, agus a chothaíonn grá don fhoghlaim. Fíor 1: Forbhreathnú ar an tsraith shinsearach Fíor 2: An léargas ar an bhfoghlaimeoir