Tá an ríomheolaíocht le brath i ngach gné den tsochaí nua-aimseartha. Cuireann córais bhogearraí ar ár gcumas cumarsáid a dhéanamh, nithe a dhearadh agus a chruthú, áireamh, foghlaim agus spraoi. Agus iad ag forbairt tuisceana ar an tslí a oibríonn na córais dhigiteacha seo, cuirfidh scoláirí lena n-eolas ríomhaireachtúil féin, rud a chuirfidh ar a gcumas cláir dá gcuid féin a dhearadh.
Tá an tsonraíocht athbhreithnithe do chúrsa gearr Códú na Sraithe Sóisearaí (2025) thíos do mhic léinn na chéad bhliana i Meán Fómhair 2026.