Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú: Cúrsa

Tá an tSonraíocht do Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ( NTI
Nuatheangacha Iasachta
SS) deartha le haghaidh 200 uair ar a laghad de rannpháirtíocht an scoláire ar an gclár ama agus tá sí eagraithe de réir trí shnáithe chomhtháite: Inniúlacht chumarsáideach, Feasacht teanga, agus Eolas soch-chultúrtha agus Feasacht idirchultúrtha
Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.

Tá na snáitheanna sin miondealaithe a thuilleadh agus gnéithe déanta díobh agus sonraítear freisin na torthaí foghlama a bhaineann le gach gné. 

Baineann an snáithe, Inniúlacht chumarsáideach, le cumas an scoláire cumarsáid fhollasach a dhéanamh sa sprioctheanga a fhorbairt. 

Sa snáithe Feasacht teanga, feabhsaítear an fheasacht ghinearálta atá ag an scoláire ar theangacha, chomh maith leis an scil de theangacha a fhoghlaim agus forbraítear an fheasacht atá aige air féin mar fhoghlaimeoir teanga. 

Leagtar béim sa snáithe Eolas soch-chultúrtha agus Feasacht idirchultúrtha
Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.
ar an gcaoi a bhfuil teangacha agus cultúir nasctha go dlúth. In eolas soch-chultúrtha agus Feasacht idirchultúrtha
Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.
, ligtear don scoláire rochtain ar a fháil ar ghnéithe nua cultúrtha agus spreagtar é le machnamh a dhéanamh ar a chultúr féin.

Tá úsáid teanga lárnach d’fhorbairt na hinniúlachta teanga trí chéile. Forbraíonn an scoláire inniúlacht chumarsáideach trí úsáid a bhaint as teanga mhachnamhach, rud a dhéanann eolas d’fhorbairt Eolais shoch-chultúrtha agus feasachta idirchultúrtha dá réir sin, agus déanann an t eolas agus an fheasacht chéanna eolas don teanga mhachnamhach. 

Teagasc agus foghlaim 

Cé go leagtar amach na torthaí foghlama a bhaineann le gach snáithe astu féin sa tsonraíocht seo, níor chóir go dtuigfí as sin go bhfuil staidéar le déanamh ar na snáitheanna ina n-aonar. 

Tugtar tacaíocht ghníomhach d’fhoghlaim teanga an scoláire nuair a dhéantar a Inniúlacht chumarsáideach, Feasacht teanga agus Eolas soch-chultúrtha agus Feasacht idirchultúrtha
Feasacht ar chultúr an scoláire féin agus ar chultúir, luachanna agus creidimh eile. Cothaíonn sé tuiscint, comhbhá, meas agus glacadh le daoine agus cultúir eile trí dhíriú ar shaineolas a fhorbairt, mar aon le dearcthaí agus scileanna.
a fhorbairt ar bhealach comhtháite. Ar an gcaoi chéanna, ní féidir na gnéithe a bhaineann le gach snáithe a mhúineadh leo fein, cé go bhfuil siad leagtha amach ina n-aonar. 

Is iondúil go mbíonn an chumarsáid ilmhódach, ina gcumasaítear cumarsáid bhríoch trí léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht, agus labhairt. Cabhraítear le cumarsáid éifeachtach nuair a éiríonn an scoláire níos feasaí ar ghramadach, comhréir agus fuaimniú, mar sin, múintear na gnéithe foghlama seo i gcomhthéacs cumarsáideach na dtascanna agus na ngníomhaíochtaí a leagtar amach i Snáithe 1. 

Léiríonn Fíor 2 thíos na naisc idir na trí shnáithe. Féach na haguisíní le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí. 


 

An idirghaolmhaireacht idir na trí shnáithe

Mar bhonn eolais faoin tsonraíocht churaclaim, tá aidhmeanna oideachasúla agus prionsabail FTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa Foghlaim, Teagasc agus Measúnú in 2001. Cuireann an creat tagartha seo uirlisí, treoirlínte, agus acmhainní ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na dteangacha.
agus CVFTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Foilsíodh An tImleabhar a ghabhann le Foghlaim, Teagasc, Measúnú in 2020. Cuireann sé leis an FTCE bunúil agus nuashonraíonn sé é leis na tuairisceoirí breise agus teanga nuashonruithe chun eochairchoincheapa a shoiléiriú agus tuairisceoirí bunúla na bliana 2001 a ionadú.
, a fheidhmíonn mar chreat d’fhoghlaim, teagasc agus measúnú na dteangacha. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.