Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú agus tuairisciú

Measúnú i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí

Baineann measúnú san oideachas le heolas faoi phróisis agus faoi thorthaí na foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá cineálacha éagsúla ann agus is féidir é a úsáid ar bhealaí éagsúla, amhail gnóthachtáil a thástáil agus a dheimhniú, an bealach cuí chun foghlaimeoirí a thabhairt trí churaclam idirdhealaithe a shocrú, nó chun réimsí deacrachta (nó láidreachta) ar leith d’fhoghlaimeoir áirithe a shainaithint. Cé gur féidir teicnící difriúla a úsáid chun measúnú foirmitheach, diagnóiseach agus suimitheach a dhéanamh, dírítear an measúnú agus an tuairisciú ar fhoghlaim an scoláire a fheabhsú. Chuige sin, ní mór go léireodh sé aidhm an churaclaim go hiomlán. 

Leagann an tsraith shóisearach an-bhéim ar mheasúnú mar chuid den phróiseas foghlama. Sa chur chuige sin, teastaíonn éagsúlacht sa mheasúnú chun a chinntiú go mbíonn an modh/na modhanna measúnaithe a roghnaítear oiriúnach don fheidhm, tráthúil agus ábhartha don scoláire. Sa mheasúnú i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, tapófar an deis don scoláire a bheith ina rannpháirtí machnamhach agus gníomhach ina chuid foghlama féin agus an deis dá réir a bheidh ag múinteoirí tacú leis sin. Tá sé sin ag brath ar dheiseanna a bheith á soláthar don fhoghlaimeoir chun dul i ngleic leis na critéir ratha faoina ndéanfar caighdeán a chuid oibre a mheas trí phiarmheasúnú, trí fhéinmheasúnú agus trí mheasúnú múinteora; agus braitheann sé ar chaighdeán an aiseolais dhírithe a fhaigheann sé chun cabhrú leis ina chuid foghlama. 

Gné an-tábhachtach den mheasúnú ardchaighdeáin is ea aiseolas dírithe a thabhairt don scoláire ar a chuid foghlama agus is toisc lárnach í maidir le cumas an scoláire a fhorbairt chun a chuid foghlama féin a bhainistiú agus leis an scoláire a ghríosú le cloí le Tasc
gníomh a bhfuil cuspóir leis ina dteastaíonn úsáid a bhaint as teanga agus inniúlachtaí níos leithne chun sprioc shoiléir nó toradh a bhaint amach. D’fhéadfadh go mbeadh réimse leathan gníomhartha i gceist le tascanna amhail pleananna a dhéanamh, cluiche a imirt, béile a ordú, nó nuachtán ranga a ullmhú trí obair ghrúpa.
casta nó le fadhb chasta. Is éifeachtaí an measúnú nuair a théann sé níos faide ná marcanna agus gráid, agus díríonn an tuairisciú ní amháin ar mar a d’éirigh leis an scoláire roimhe sin ach freisin ar na chéad chéimeanna eile le haghaidh na foghlama amach anseo. Cinnteoidh an cur chuige sin go ndéanfar an measúnú chomh gar don phointe foghlama agus is féidir. Tá áit ann fós don mheasúnú deiridh, ach níl ann ach gné amháin de chur chuige níos leithne i leith an mheasúnaithe. 

Go bunúsach, is é cuspóir an mheasúnaithe agus an tuairiscithe ag an gcéim seo den oideachas tacú leis an bhfoghlaim. Ba cheart léargas cuimsitheach ar fhoghlaim an scoláire a thabhairt do thuismitheoirí/chaomhnóirí. Mar go nascfar an measúnú ranga agus measúnú eile le córas nua tuairiscithe, arb é bronnadh Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a bhuaicphointe, tabharfaidh sé léargas leathan soiléir do thuismitheoirí/chaomhnóirí ar thuras foghlama a bpáiste thar thrí bliana na sraithe sóisearaí. Chun tacú leis sin, beidh teacht ag múinteoirí agus ag scoileanna ar Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú. 

I dteannta an treoirleabhair faoin bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair ( AFMÁ
Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair
), áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú ábhar tacaíochta foghlama, teagaisc agus measúnaithe lena n áirítear: 

  • measúnú foirmitheach 
  • pleanáil le haghaidh measúnú agus é a dhearadh 
  • gníomhaíochtaí measúnaithe le húsáid sa seomra ranga 
  • breithiúnas a thabhairt ar obair an scoláire – ag breathnú ar ionchais maidir le scoláirí agus ar ghnéithe cáilíochta 
  • tuairisciú 
  • smaoineamh faoin measúnú: smaointe, taighde agus machnamh 
  • gluais téarmaí measúnaithe. 

Áireofar san Fhoireann Uirlisí don Mheasúnú Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
tacaí measúnaithe, comhairle agus treoirlínte a chuirfidh ar chumas scoileanna agus múinteoirí tabhairt faoin gcóras nua measúnaithe agus faoi na socruithe tuairiscithe ar bhealach eolasach, le muinín agus le cinnteacht.

Measúnú do PGSS

Cuimseoidh an measúnú ar NTI
Nuatheangacha Iasachta
SS chun críocha Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS)
dhá Mheasúnú Rangbhunaithe (Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire agus ón Tasc
gníomh a bhfuil cuspóir leis ina dteastaíonn úsáid a bhaint as teanga agus inniúlachtaí níos leithne chun sprioc shoiléir nó toradh a bhaint amach. D’fhéadfadh go mbeadh réimse leathan gníomhartha i gceist le tascanna amhail pleananna a dhéanamh, cluiche a imirt, béile a ordú, nó nuachtán ranga a ullmhú trí obair ghrúpa.
Cumarsáide ó
Bhéal), Tasc

Measúnaithe (TM) atá nasctha leis an Tasc
gníomh a bhfuil cuspóir leis ina dteastaíonn úsáid a bhaint as teanga agus inniúlachtaí níos leithne chun sprioc shoiléir nó toradh a bhaint amach. D’fhéadfadh go mbeadh réimse leathan gníomhartha i gceist le tascanna amhail pleananna a dhéanamh, cluiche a imirt, béile a ordú, nó nuachtán ranga a ullmhú trí obair ghrúpa.
cumarsáide ó bhéal agus scrúdú deiridh.
Déanfaidh Coimisiún na Scrúduithe Stáit measúnú ar an TM agus ar an scrúdú deiridh. 

Na comhpháirteanna measúnaithe a tuairiscíodh mar chuid de PGSS

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.