Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Na Gnéithe Cáilíochta 

Na Gnéithe Cáilíochta 

Tacaíonn gnéithe cáilíochta le breithiúnas an scoláire agus an mhúinteora ar na Measúnuithe Rangbhunaithe agus is iad na critéir iad a úsáidfidh an múinteoir chun píosaí oibre an scoláire a mheasúnú. Cuirfear na gnéithe cáilíochta ar fáil sna treoirlínte measúnuithe le haghaidh Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí. Cuirfidh gach scoláire an dá Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB) i gcrích.

Tábla 4: Amlíne chun Measúnuithe Rangbhunaithe in NTI SS a chur i gcrích
MEASÚNÚ RANGBHUNAITHE An measúnú a chur i gcrích Cruinniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair (AFMÁ)
Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire    Sa dara bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin
Tasc Cumarsáide ó Bhéal Sa tríú bliain Cruinniú athbhreithnithe amháin

 

Na Measúnuithe Rangbhunaithe a Mheasúnú

Beidh sonraí níos mine ar fáil i dtreoirlínte measúnaithe ar leith maidir leis an measúnú ar an tuairisciú i Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí, ina leagtar amach treoracha ar na socruithe praiticiúla a bhaineann le measúnú na Measúnuithe Rangbhunaithe. Áireofar orthu sin, mar shampla, an treoir maidir leis na míreanna le haghaidh an Mheasúnaithe Rangbhunaithe Samplaí ó mo Phunann Teanga Scoláire, agus fad agus formáidí a mholfar le haghaidh Mheasúnú Rangbhunaithe an Taisc Cumarsáide ó Bhéal. Cuirfear gnéithe cáilíochta ar fáil freisin le haghaidh an dá Mheasúnú Rangbhunaithe agus tacaíocht i dtaca le breithiúnas ‘ar an iomlán’ a úsáid i ndáil leis na gnéithe cáilíochta. Beidh ábhar cuimsitheach acmhainne i bhFoireann Uirlisí don Mheasúnú CNCM freisin le húsáid agus le tagairt dó i measúnú leanúnach ranga ar Nuatheangacha Iasachta na sraithe sóisearaí, agus lena chois sin tabharfar mionchuntas ar an bpróiseas a bhaineann leis an Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair. 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.