Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir leis an scoláire

Leagtar amach Ionchais maidir leis an scoláire ina dtrí chuid chomhtháite. Tugtar achoimre ar gach snáithe thíos, mar aon leis na torthaí foghlama ina ndéantar cur síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba cheart don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar na nuatheangacha iasachta sa tsraith shóisearach. 

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. 

Ag leibhéal comónta a chuirtear Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí ar fáil. Leagtar amach i sonraíocht NTI
Nuatheangacha Iasachta
SS an méid a bhfuiltear ag súil leis ón scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Dá bhrí sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sna nuatheangacha iasachta go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. 

Déantar cur síos sna torthaí foghlama ar na nithe a mheastar ba cheart go mbeadh an scoláire ábalta a dhéanamh sa sprioctheanga. Tá na torthaí foghlama ag teacht a bheag nó a mhór le Banda A den FTCE
An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa Foghlaim, Teagasc agus Measúnú in 2001. Cuireann an creat tagartha seo uirlisí, treoirlínte, agus acmhainní ar fáil chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú na dteangacha.
(A1-A2). Tagraítear iontu do thascanna agus gníomhaíochtaí teanga a léiríonn idirghníomhaíochtaí simplí laethúla ar fud na dtrí Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
d’úsáid teanga (úsáid phoiblí, phearsanta agus oideachasúil ) a bhaineann le haois an scoláire agus leis an taithí atá aige, agus tá siad ceaptha ionas go mbeifear in ann iad a úsáid don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú idirdhealaithe. Ar fud gach ceann de na snáitheanna, ba cheart gach deis a thabhairt don scoláire meáin éagsúla a úsáid chun an méid atá foghlamtha aige a thaispeáint agus a chur i láthair. 


9. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh tacaíochtaí ar na réimsí pearsanta, oideachais agus poiblí d’úsáid teangacha

In Inniúlacht chumarsáideach, cuirtear ar chumas an scoláire cumarsáid a dhéanamh go héifeachtúil sa sprioctheanga chun críocha fiúntacha. Sa snáithe seo, glacfaidh an scoláire páirt i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna teanga ar fud na réimsí poiblí, pearsanta agus oideachasúla d’úsáid teanga, agus cuimsítear leis sin na ceithre mhodh cumarsáide a shainaithnítear in FTCE agus in CVFTCE10. Léirítear úsáid na teanga san fhíorshaol sna ceithre mhodh cumarsáide chomhtháite, agus is minic a chuimsítear roinnt gníomhaíochtaí leis seo. 
Léirítear i bhFíor 5 idirnascthacht agus idirghaolmhaireacht na gceithre ghné. 
Tacaíonn rannpháirtíocht ghníomhach sna torthaí foghlama sa snáithe seo le feasacht teanga, le heolas soch-chultúrtha agus feasacht idirchultúrtha a fhorbairt a thuilleadh. 

Idirghaolmhaireacht na gceithre mhodh cumarsáide


10. CVFTCE, Comhairle na hEorpa, 2020, lch 34

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Gabhchumas

Teanga scríofa labhartha agus ilmhódach a thuiscint agus a phróiseáil 

  1. 1.1

    treoracha simplí a thuiscint agus a chomhlíonadh sa seomra ranga 

  2. 1.2

    ceisteanna agus ráitis scríofa agus labhartha shimplí ar thopaicí a bhfuil cur amach aige orthu a thuiscint i gcásanna laethúla intuartha

  3. 1.3

    ábhar agus ciall ghinearálta téacsanna gearra agus simplí a chuirtear in iúl i dteanga laethúil a shainaithint, ach úsáid a bhaint as eolas amhairc agus ginearálta chun tacú le tuiscint

  4. 1.4

    gnátheolas a shainaithint (m.sh. uimhreacha, sonraí pearsanta, dátaí, praghsanna, treoracha*)  i dtéacsanna simplí labhartha agus scríofa a bhaineann leis an saol laethúil


    11. * Tá gach sampla léiritheach agus níl siad ceaptha a bheith uileghabhálach.

  5. 1.5

    príomheolas a thuiscint i gcineálacha cur síos ar dhaoine, áiteanna, imeachtaí, agus eispéiris phearsanta i gcomhthéacsanna coitianta a léirítear i ngnáth-theanga shimplí

  6. 1.6

    na príomhphointí a thuiscint i réimse téacsanna dílse agus oiriúnaithe a bhaineann le topaicí a bhfuil cur amach aige orthu agus a thagann chun cinn sa saol laethúil i réimse seánraí, réimeanna agus formáidí

Idirghníomhú

Ciall a chomhchur le chéile in idirghníomhaíocht ó bhéal, scríofa agus ar líne    

  1. 1.7

    úsáid a bhaint as focail agus nathanna cainte simplí chun comhrá a thosú, a chothú agus chun deireadh a chur le comhrá, chun cabhair, soiléiriú agus athrá a iarraidh nuair is gá 

  2. 1.8

    úsáid a bhaint as focail, nathanna cainte agus frásaí simplí chun comhoibriú le daoine eile i ngnáth-thascanna agus i ngnáthghníomhaíochtaí sa seomra ranga (m.sh., obair ghrúpa, dráma, rólimirt, cluichí simplí*)

  3. 1.9

    ceisteanna gearra agus simplí a chur agus a fhreagairt faoi dhaoine, imeachtaí, eispéiris agus gníomhaíochtaí in idirghníomhaíochtaí ó bhéal, scríofa, agus ar líne 

  4. 1.10

    idirbhearta simplí a chur i gcrích i gcásanna laethúla (m.sh., siopadóireacht, áirithintí a dhéanamh, eolas pearsanta a chomhroinnt*) 

  5. 1.11

    idirghníomhú le daoine eile i ngnáthchásanna coitianta chun eolas, tuairimí agus smaointe a chomhroinnt agus chun pleananna a dhéanamh trí ghnáth-theanga shimplí a úsáid 

Táirgeadh

Labhairt agus scríobh ar réimse cúiseanna agus do chineálacha éagsúla lucht féachana  

  1. 1.12

    cur síos a dhéanamh ar dhaoine, ar áiteanna agus ar rudaí a thaitníonn leis agus ar rudaí nach dtaitníonn leis i dtéarmaí simplí ach úsáid a bhaint as focail, nathanna cainte agus frásaí simplí

  2. 1.13

    réimse téacsanna gearra agus simplí a chruthú i roinnt formáidí agus meán ar thopaicí a bhfuil cur amach aige orthu, ach úsáid a bhaint as tacaíochtaí chun cabhrú le cumarsáid

  3. 1.14

    cuir i láthair ghearra a ullmhú agus a chur i láthair ar ábhair a bhaineann leis an saol laethúil, agus fáthanna agus mínithe gairide a thabhairt ar thuairimí ach leideanna amhairc agus comharthaí a úsáid chun tacú le cumarsáid

  4. 1.15

    cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach, san aimsir chaite agus san aimsir fháistineach ar imeachtaí, gníomhaíochtaí, agus eispéiris phearsanta (bíodh siad fíor nó samhalta) a thagann chun cinn sa saol laethúil ach úsáid a bhaint as frásaí agus abairtí gearra agus simplí agus iad a nascadh le ceangaltóirí simplí (m.sh., “agus”, “ach”, “mar”*)

Idirghabháil

Scileanna agus straitéisí a fhorbairt chun ciall a bhaint agus cumarsáid a chumasú taobh amuigh de bhacainní teangeolaíochta agus cultúrtha

  1. 1.16

    eolas simplí, intuartha a thugtar i dtéacsanna gearra, simplí (m.sh. comharthaí, fógraí, póstaeir, bróisiúir*) a chur in iúl

  2. 1.17

    na príomhphointí a thagann chun cinn i gcomhráite nó téacsanna gearra, simplí ar ábhair laethúla intuartha a liostú, nuair a léirítear iad go soiléir i ngnáth-theanga shimplí 

  3. 1.18

    a aithint nuair a easaontaíonn daoine agus leaganacha cainte gearra agus simplí a úsáid le hiarraidh ar dhuine rud éigin a mhíniú, chun spéis a léiriú, agus chun aontú a lorg

I bhFeasacht teanga, bainfear úsáid as an acmhainn teanga atá ag an scoláire cheana agus feabhsaítear feasacht ghinearálta an scoláire ar theangacha agus ar fhoghlaim teangacha. Sa snáithe seo, déanann an scoláire anailís ar an gcaoi a n oibríonn an sprioctheanga, déanann sé comparáid idir na teangacha atá aige (Béarla, Gaeilge agus/nó a mháthairtheanga) agus déanann sé machnamh ar a réimse scileanna ilteangacha féin atá ag forbairt. Tacaíonn rannpháirtíocht ghníomhach sna torthaí foghlama sa snáithe seo le hinniúlacht chumarsáideach, le heolas soch-chultúrtha agus le feasacht idirchultúrtha a fhorbairt.  

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Tuiscint a fháil faoin gcaoi a n oibríonn an sprioctheanga
  1. 2.1

    patrúin agus struchtúir teanga simplí a aithint agus a úsáid (m.sh., an ghramadach, an litriú, an fuaimniú, an chomhréir, srl.* ) ar mhaithe le cumarsáid i gcomhthéacsanna a bhfuil cur amach aige orthu


    12. * Tá gach sampla léiritheach agus níl siad ceaptha a bheith uileghabhálach. 

  2. 2.2

    réimse bunúsach stóir focal a aithint agus a úsáid lena n áirítear focail, leaganacha cainte agus frásaí ar mhaithe le cumarsáid i gcomhthéacsanna a bhfuil cur amach aige orthu

  3. 2.3

    a aithint an chaoi a bhfuil tionchar ag an lucht féachana agus ag cuspóir na cumarsáide ar úsáid na sprioctheanga (m.sh., réim, formáid, stíl teanga, gnásanna sóisialta, srl.*)

Comparáid a dhéanamh idir an sprioctheanga agus teangacha eile atá ag an scoláire
  1. 2.4

    cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint idir gramadach agus stór focal na sprioctheanga agus teangacha eile atá ar eolas aige chun tacú lena thuiscint ar théacsanna labhartha, scríofa agus ilmhódacha 

  2. 2.5

    cosúlachtaí agus difríochtaí a aithint idir an sprioctheanga agus teangacha eile atá ar eolas aige (m.sh., litriú, ord na bhfocal, fuaimniú, iontonú agus rithim srl.*)  

  3. 2.6

    comparáid a dhéanamh idir úsáid uimhreacha i réimsí ag a bhfuil ábharthacht láithreach (m.sh., dátaí, praghsanna, aois, am srl.*) sna teangacha eile atá aige

Machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn agus a n úsáideann sé teangacha
  1. 2.7

    réimse straitéisí a fhorbairt agus a úsáid le haghaidh foghlama agus úsáid a bhaint as an sprioctheanga i gcásanna laethúla chun cabhrú leis bearnaí ina thuiscintar an teanga a chúiteamh 

  2. 2.8

    úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha go heiticiúil, stuama chun críche na cumarsáide simplí ar líne, an taighde bhunúsaigh agus na foghlama teanga

  3. 2.9

    spriocanna a shocrú, monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar a fhoghlaim féin ach úsáid a bhaint as aiseolas a fhaigheann sé chun machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha aige agus ar ar gá dó a dhéanamh chun feabhsú 

In Eolas soch-chultúrtha agus feasacht idirchultúrtha, tugtar rochtain don scoláire ar ghnéithe nua cultúrtha agus spreagtar é le machnamh a dhéanamh ar a chultúr féin. Sa snáithe seo, faigheann an scoláire eolas faoi thíortha agus faoi phobail na sprioctheanga agus spreagtar é chun meonta fiosrachta, oscailteachta agus comhbhá a fhorbairt do ghrúpaí cultúrtha atá difriúil lena ghrúpa cultúrtha féin. Tacaíonn rannpháirtíocht ghníomhach sna torthaí foghlama sa snáithe seo leis an scoláire chun a fheasacht ar an sprioctheanga agus ar an nasc idir teangacha agus cultúir a dhoimhniú, agus cuireann sí ar a chumas a inniúlacht chumarsáideach agus a fheasacht teanga a fhorbairt a thuilleadh. 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Foghlaim faoi fhíricí ábhartha, faoi dhaoine, faoi áiteanna agus faoi stair na dtíortha agus na bpobal a bhaineann leis an sprioctheanga
  1. 3.1

    roinnt gnéithe de thíortha/phobail na sprioctheanga a shainaithint, a ainmniú agus cur síos a dhéanamh ar na gnéithe céanna i ngnáth-theanga shimplí, i réimsí ábharthachta láithrí (m.sh., gnéithe geografacha, aimsir, daoine agus áiteanna mór le rá, bia, féilte, aireagáin, srl.* ) 13


    13. * Tá gach sampla léiritheach agus níl siad ceaptha a bheith uileghabhálach.

  2. 3.2

    iniúchadh a dhéanamh ar réimse fíricí agus figiúirí a bhaineann leis an saol laethúil i dtíortha na sprioctheanga agus machnamh a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha aige faoi thíortha/phobail na sprioctheanga

  3. 3.3

    taighde a dhéanamh ar eolas a bhfuil spéis phearsanta aige ann faoi thíortha /phobail na sprioctheanga agus é a chur i láthair i ngnáth-theanga shimplí ach úsáid a bhaint as réimse meán

Foghlaim faoi thraidisiúin, faoi ghnásanna agus faoi iompraíochtaí
  1. 3.4

    roinnt gnásanna, traidisiún, agus coinbhinsiúin shóisialta ó thíortha na sprioctheanga a shainaithint, a ainmniú agus a thuiscint, iad sin a bhaineann leis an saol laethúil

  2. 3.5

    roinnt steiréitíopaí coitianta a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu faoina chultúr féin agus faoi chultúir a bhaineann leis an sprioctheanga

  3. 3.6

    réimse téacsanna dílse (m.sh., amhráin, dánta, rainn, rabhlóga, scéalta srl. *) a bhaineann le tíortha/pobail na sprioctheanga a bhailiú, a thuiscint, agus a chomhroinnt trí úsáid chuí a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha

Cultúr a thíre dúchais féin a chur i gcomparáid le cultúr na dtíortha agus na bpobal a bhaineann leis an sprioctheanga
  1. 3.7

    cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint i dtaca le saol a phiaraí i dtíortha/i bpobail na sprioctheanga i réimsí den saol laethúil (m.sh., an scoil, an saol sóisialta, spórt, nósanna bia, srl.*)

  2. 3.8

    comparáid agus codarsnacht a dhéanamh idir gnéithe a bhfuil spéis phearsanta aige iontu i dtíortha/i bpobail na sprioctheanga agus na gnéithe sin ina thír féin, iad a chur i láthair i bhfrásaí agus in abairtí gearra agus simplí ach úsáid a bhaint as tacaíochtaí chun cuidiú le cumarsáid

  3. 3.9

    cosúlachtaí agus difríochtaí cultúrtha a aithint agus léirthuiscint a bheith aige don tionchar a bhíonn acu ar idirghníomhaíochtaí sóisialta 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.