Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Príomhscileanna

I dteannta lena n-inneachar agus eolas sonrach, cuireann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna ar fáil do scoláirí Réimse
Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. 

Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sna nuatheangacha iasachta. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna ar leith a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.  Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí. 

Díríonn curaclam na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil:

  • a bheith cruthaitheach  
  • a bheith liteartha 
  • a bheith uimheartha 
  • cumarsáid 
  • eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú 
  • mé féin a bhainistiú 
  • fanacht folláin  
  • obair le daoine eile.

Naisc chuig Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí    

Tarraingítear aird sna gníomhaíochtaí foghlama teanga thíos ar na naisc idir nuatheangacha iasachta na sraithe sóisearaí a fhoghlaim agus forbairt Phríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí. Cé go bhfuil siad leagtha amach leo féin thíos, níor cheart go múinfí leo féin iad. Is samplaí léiritheacha iad agus cuirtear moltaí ar fáil iontu de ghníomhaíochtaí foghlama teanga ar fud na dtrí shnáithe de shonraíocht Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí. 

Tábla 2: Naisc idir Nuatheangacha Iasachta na Sraithe Sóisearaí agus Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí
Príomhscil Gníomhaíocht foghlama an scoláire 
A bheith 
liteartha
  • Le linn don scoláire a bheith ag déanamh iniúchadh ar Réimse
    Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
    leathan téacsanna sa sprioctheanga ar chúiseanna éagsúla, forbraíonn sé a thuiscint ar an teanga agus an sásamh a bhaineann sé aisti. 
  • Foghlaimíonn an scoláire chun a smaointe a chur in iúl go soiléir agus go cruinn sa sprioctheanga trí Réimse
    Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
    leathan téacsanna sa sprioctheanga a phróiseáil agus a chruthú. 
  • Le linn don scoláire a bheith rannpháirteach i dtascanna agus gníomhaíochtaí fiúntacha cumarsáideacha, tacaítear leis a thuiscint a fhorbairt ar an gcaoi a n oibríonn teangacha.
Mé féin 
a bhainistiú
  • Foghlaimíonn an scoláire an chaoi chun é féin agus a chuid foghlama a bhainistiú trí ghlacadh le tionscnaimh, spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach agus machnamh agus meastóireacht a dhéanamh ar a chuid foghlama.
  • Foghlaimíonn an scoláire chun úinéireacht agus freagracht a ghlacadh as a chuid foghlama le himeacht aimsire nuair atá sé rannpháirteach i gcinntí a dhéanamh. 
  • Agus an scoláire ag cruthú a phunainne teanga scoláire féin ( PTS
    Punann Teanga Scoláire
    ), pleanálann agus cruthaíonn sé téacsanna, socraíonn sé spriocanna agus déanann sé machnamh ar a ghnóthachtálacha, agus baineann sé úsáid as aiseolas foirmitheach chun a chuid foghlama a fhéinmheasúnú.
Fanacht 
folláin
  • Foghlaimíonn an scoláire chun a mhuinín agus a acmhainneacht a fhorbairt le linn dó a bheith rannpháirteach i dtascanna dúshlánacha agus fiúntacha agus i ngníomhaíochtaí atá inbhainte amach agus bainteach lena shaol féin.
  • Tacaítear le folláine an scoláire nuair a bhíonn deiseanna aige chun a bhuanna agus a mheonta a léiriú i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.  
  • Tacaítear le folláine an scoláire nuair a fhoghlaimíonn sé an chaoi chun tuiscint a fháil ar a oidhreacht agus ar a chultúr féin agus ar oidhreacht agus ar chultúr daoine eile.
Eolas 
a bhainistiú 
smaointeoireacht a bhainistiú
  • Ní mór úsáid a bhaint as eolas, scileanna agus straitéisí nuair atáthar ag foghlaim teanga nua chun tacú le tuiscint ar Réimse
    Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
    téacsanna sa sprioctheanga.
  • Smaoiníonn an scoláire go criticiúil agus go cruthaitheach nuair a úsáideann sé an sprioctheanga chun tuiscint a phlé le daoine eile. 
  • Cothaítear fiosracht an scoláire le linn dó a bheith ag bailiú, ag taifeadadh, ag eagrú, agus ag déanamh measúnú ar eolas agus sonraí faoin sprioctheanga agus faoi chultúir lena mbaineann sí. 
  • Foghlaimíonn an scoláire an chaoi chun úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha go macánta, go heiticiúil agus go freagrúil le linn dó a bheith ag déanamh taighde ar eolas agus le linn dó a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cumarsáideacha le daoine eile sa sprioctheanga.
A bheith 
uimheartha
  • Le linn don scoláire a bheith rannpháirteach i dtascanna agus i ngníomhaíochtaí atá dírithe ar bhrí agus ar fhoirm, tacaítear leis chun fadhbanna a réiteach, chun réasúnú, agus chun patrúin theangeolaíocha a thuar agus a thabhairt faoi deara. 
  • Le linn don scoláire a bheith rannpháirteach i dtéacsanna ilmhódacha amhail suirbhéanna, grafaic faisnéise agus sonraí uimhriúla i dtéacsanna simplí (dáta, am, praghsanna, achar, srl.), faigheann an scoláire tuiscint ar shonraí agus léiríonn sé a thuiscint ina fhocail féin. 
  • Le linn don scoláire a bheith rannpháirteach i dtascanna agus i ngníomhaíochtaí teanga, daingníonn agus aistríonn sé coincheapa agus scileanna uimhriúla lena n áirítear aithint uimhreacha, seicheamhú, dáta, am, luach, tomhas, agus céatadán. 
A bheith 
cruthaitheach
  • Le linn don scoláire a bheith rannpháirteach i gcumarsáid bhríoch sa sprioctheanga, úsáideann sé teanga go cruthaitheach chun a theachtaireacht a chur in iúl. 
  • Le linn don scoláire a bheith ag cur lena phunann teanga scoláire, úsáideann sé a shamhlaíocht agus a chruthaitheacht chun Réimse
    Is ionann agus na hearnálacha leathana, a bhaineann le foghlaim agus úsáid teanga, den saol sóisialta ina bhfeidhmímid. Is iad na príomhchatagóirí a sainaithníodh sa FTCE ná na réimsí oideachais, gairme, poiblí agus pearsanta, ach ní mheastar go bhfuil an réimse gairme bainteach go díreach le riachtanais foghlama teanga an scoláire sa tsraith shóisearach.
    leathan téacsanna a chruthú.
  • Le linn don scoláire a bheith ag gníomhú chun tascanna agus gníomhaíochtaí a chur i gcrích, déanann sé iniúchadh ar roghanna éagsúla agus déanann sé cinntí agus tagann sé chun bheith ina fhoghlaimeoir níos neamhspleáiche.
Obair 
le 
daoine eile
  • Le linn don scoláire a bheith ag úsáid teanga le haghaidh cumarsáid cheart in obair bheirte agus ghrúpa, oibríonn sé le daoine eile chun an ceann is fearr a fháil ar bhacainní i gcumarsáid agus chun míthuiscintí a sheachaint.
  • Le linn don scoláire a bheith ag foghlaim faoi thíortha na sprioctheanga agus faoi chultúir bhainteacha, foghlaimíonn sé le bheith oscailte do; agus tuiscint a fháil ar; éagsúlacht chultúir agus teangacha. 
  • Le linn don scoláire a bheith ag úsáid critéir le haghaidh piarmheasúnú agus aiseolais, foghlaimíonn sé chun caidrimh a fhorbairt agus chun comhoibriú i dtimpeallacht thacúil.   
Cumarsáid

 

  • Le linn don scoláire a bheith ag úsáid na sprioctheanga ina chuid foghlama, foghlaimíonn sé chun tuiscint a fháil ar an sprioctheanga agus chun é féin a chur in iúl in idirghníomhaíochtaí simplí laethúla. 
  • Le linn don scoláire a bheith ag foghlaim chun idirghníomhaíochtaí simplí a dhéanamh sa sprioctheanga agus chun eolas a chur i láthair a phiaraí ach úsáid a bhaint as gnáth-theanga shimplí, éiríonn sé níos muiníní agus inniúla mar chumarsáidí. 
  • Le linn don scoláire a bheith ag plé le téacsanna sprioctheanga dílse, éiríonn sé níos feasaí ar an teanga de réir mar a úsáidtear í chun cumarsáid a dhéanamh sa saol laethúil.  

 

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.