Skip to content

An Stáidéar Saol Scoile Páistí: Tuarascáil 7

An Stáidéar Saol Scoile Páistí: Tuarascáil 7

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte
de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Má bhíonn múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag breathnú ar an tsonraíocht ar líne agus iad ag scrollú thar na torthaí foghlama, tiocfaidh siad ar nasc chuig samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh  siad anótáilte ag múinteoirí. Cuimseoidh na samplaí seo obair atá

  • thar barr ar fhad
  • os cionn  na n-ionchas
  • ag teacht leis na hionchais.

Torthaí foghlama

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí a mhéad atá torthaí foghlama á mbaint amach i gcásanna iarbhír a léiriú.

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, an tuiscint, na scileanna agus na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge  sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagtar béim  sa tsonraíocht gur le haghaidh tréimhse trí bliana iad na torthaí foghlama agus dá bhrí sin nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama  ar leith ‘curtha i gcrích fós, ach go leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa Ghaeilge go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist ar an gcéad dul síos go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin.Tabharfaidh na samplaí d’obair scoláirí, a bheidh nasctha leis na torthaí foghlama, cur síos agus léargas ar chaighdeáin éagsúla d’obair scoláirí.

Sainmhíniú ar théacs

Is féidir téacs a thabhairt ar gach toradh a bhíonn ar úsáid teanga teanga labhartha, scríofa, físeach, nó ilmhódach. Is éard is téacs ilmhódach ann ná téacs ina bhfuil teanga agus córais chumarsáide eile in éineacht, leithéidí téacs clóite, íomhánna, fuaim agus an teanga labhartha. Trí úsáid a bhaint as an sainmhíniú sin ar an bhfocal ‘téacs’ féachtar le cuimsiú a dhéanamh ar an saibhreas agus ar an éagsúlacht atá riachtanach chun an scoláire a spreagadh, agus a mheas ar theanga a chothú. Ní mór tuiscint cheart a bheith ag an léitheoir ar an mbrí atá leis an bhfocal ‘téacs’ chun ciall a bhaint as na torthaí foghlama i ngach gné agus i ngach snáithe.

Cuimsíonn cumas cumarsáide ábaltacht an scoláire sna cúig scil seo a leanas: éisteacht, léamh, labhairt, idirghníomhú cainte agus scríobh, atá ag teastáil uaidh chun cumarsáid a dhéanamh le húsáideoirí eile na teanga. Bíonn ar a chumas feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach i suíomhanna idirphearsanta cumarsáide sa phobal teanga. Bíonn ar a chumas gnáth-theanga na cumarsáide ar ghnáthluas sa phobal teanga a thuiscint agus a úsáid sa chumarsáid. Baineann sé taitneamh as a bheith páirteach sa chumarsáid le húsáideoirí eile agus as idirghníomhú leo. Tugann sé teanga chruinn shaibhir faoi deara agus úsáideann sé an teanga shaibhir chruinn i labhairt agus i scríobh na Gaeilge. Léann sé raon leathan de théacsanna, téacsanna litríochta agus ilmhódacha san áireamh atá in úsáid sa phobal teanga agus léiríonn sé tuiscint chriticiúil ar an ábhar. Cumann sé a théacsanna ábhartha féin le haghaidh cumarsáide le húsáideoirí eile.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Éisteacht
  1. 1.1

    ábhair agus teachtaireachtaí na cumarsáide ar ghnáthluas* a thuiscint

  2. 1.2

    éisteacht chun brí nó sonraí faoi leith agus argóintí comhleanúnacha a thuiscint

  3. 1.3

    seasamh agus meon cainteoirí (go díreach/go hindíreach) a aithint

  4. 1.4

    teanga labhartha chruinn, shaibhir, chanúnach a thuiscint

  5. 1.5

    idirdhealú a dhéanamh idir chanúintí na Gaeilge

  6. 1.6

    píosaí éisteachta a roghnú go criticiúil agus iad a roinnt ag baint úsáide as teicneolaíochtaí digiteacha

Léamh
  1. 1.7

    úsáid a bhaint as raon straitéisí léitheoireachta, straitéisí dí-chódaithe san áireamh

  2. 1.8

    dul i ngleic go criticiúil le raon leathan téacsanna* Gaeilge ag úsáid stór focal agus teanga chuí

  3. 1.9

    conclúidí/impleachtaí a bhaineann go díreach nó go hindíreach le hábhar téacs a fhiosrú

  4. 1.10

    léiriú ar thaitneamh a bhaint as raon leathan téacsanna* ábhartha dílse chun cumas léitheoireachta a fhorbairt

  5. 1.11

    rogha pearsanta de théacsanna* a aimsiú,  a fhiosrú agus a roinnt ar son taighde agus taitnimh

  6. 1.12

    saintéarmaíocht a aithint agus a thuiscint i réimse éagsúla téacsanna agus seánraí scríbhneoireachta

  7. 1.13

    difríochtaí idirthéacsúla a fhiosrú agus a phlé i réimse téacsanna

Labhairt
  1. 1.14

    téacsanna ó bhéal  a chruthú agus a chur i láthair mar dhuine aonair agus/nó mar bhall de ghrúpa

  2. 1.15 comhrá a fhorbairt agus smaointe pearsanta a leathnú amach ar réimse leathan ábhar  
  3. 1.16

    focail a fhuaimniú go nádúrtha le tuin chruinn shothuigthe agus béim chuí

  4. 1.17

    Gaeilge shaibhir chruinn a úsáid (an teanga bheo agus leaganacha canúnacha teanga san áireamh) ag úsáid a chanúna féin, mar is cuí

  5. 1.18

    a stór focal pearsanta agus stór focal comhaimseartha ar ábhar ginearálta agus ábhar ar spéis leis féin a fhorbairt agus a shaibhriú

Idirghníomhú cainte
  1. 1.19

    páirt ghníomhach a ghlacadh i gcomhráite (obair ghrúpa san áireamh) ag fiosrú, ag ceistiú agus ag forbairt tuairimí pearsanta agus ag freagairt go cuí le linn an chomhrá

  2. 1.20

    idirghníomhú go muiníneach agus go cuí i suíomhanna difriúla agus ar mhaithe le spriocanna éagsúla

  3. 1.21

    eolas, tuairimí agus dearcthaí a sheiceáil, a dheimhniú agus a mhalartú ag athinsint nó ag míniú mioneolais, mar is gá

  4. 1.22

    dearcthaí agus eolas ó fhoinsí éagsúla a thuairisciú agus a tharraingt le chéile

  5. 1.23

    smaointe a bhaineann le heispéiris phearsanta a mhíniú le samplaí agus/nó le hargóintí cuí chun dul i bhfeidhm ar dhuine

  6. 1.24

    cumarsáid ó bhéal  a dhéanamh ag úsáid teicneolaíochtaí digiteacha

  7. 1.25

    déileáil le deacrachtaí tuisceana ar mhaithe le cumarsáid a choimeád sa siúl

Scríobh
  1. 1.26

    téacsanna* pearsanta agus foirmeálta, cruthaitheacha agus ilmhódacha san áireamh, a chruthú i réimse de stíleanna, réimeanna teanga, ag úsáid teanga agus stór focal cuí agus tuiscint á léiriú ar lucht a léite

  2. 1.27

    úsáid sholúbtha, chruthaitheach, spraíúil a bhaint as an teanga

  3. 1.28

    úsáid a bhaint as scileanna eagarthóireachta mar chuid  de phróiseas na scríbhneoireachta, dréachtú agus athdhréachtú san áireamh

  4. 1.29 freagairt phearsanta do théacsanna* ag léiriú tuiscint chriticiúil ar stíl, ábhar, tuin, íomhánna an téacs  
  5. 1.30

    gnásanna na scríbhneoireachta m.sh litriú, poncaíocht, a aithint agus a úsáid

  6. 1.31

    píosaí scríofa a chruthú agus a roinnt i bhformáidí éagsúla ag baint úsáide as teicneolaíochtaí digiteacha

  7. 1.32

    stíl scríbhneoireachta féin a fhorbairt ag baint úsáide as teanga chruinn, shaibhir (ag úsáid a chanúna féin, mar is cuí)

Tá an scoláire ag sealbhú na Gaeilge i dtimpeallacht na teanga. Tugann sé cruinnúsáid agus saibhreas teanga faoi deara. Tuigeann sé cad is dea-úsáideoir teanga ann agus déanann sé iarracht bheith ar aon dul leis an úsáideoir sin a bhfuil teanga chruinn shaibhir aige. Déanann sé machnamh ar an gcaoi ar an gcaoi ina n-oibríonn an teanga chun míchruinneas a sheachaint. Toisc go bhfuil an teanga timpeall air, cuireann sé aithne mhaith ar bheochultúr na Gaeilge agus bíonn deiseanna aige an cultúr sin a inmheánú. Tuigeann sé dán na teanga agus fásann an meas a bhíonn aige ar an bpobal teanga, déanann sé comhionannú leis agus spreagann sé sin é leis an teanga a úsáid sa phobal teanga*.

 

* Pobal teanga: pobal ina bhfuil an sprioctheanga á labhairt mar ghnáth-theanga cumarsáide i réimse an teaghlaigh agus i réimsí lasmuigh de.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Ag díriú ar theanga na Gaeilge mar chóras
  1. 2.1

    ionchur saibhir cruinn a thabhairt faoi deara sna scileanna teanga uile agus eiseamláirí den dea-úsáid teanga a athúsáid

  2. 2.2

    patrúin ghramadaí agus chomhréire na teanga a aithint agus a shealbhú

  3. 2.3

    difríochtaí suntasacha gramadaí agus comhréire idir an Ghaeilge, an Béarla agus teangacha eile a thabhairt faoi deara chun míchruinneas trasteanga a sheachaint

  4. 2.4

    an réim chuí teanga a úsáid don ócáid, spriocghrúpa nó cineál cumarsáide

  5. 2.5

    earráidí pearsanta i labhairt agus i scríobh na teanga a thabhairt faoi deara agus a thuiscint agus machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna leo

  6. 2.6

    litriú agus poncaíocht chruinn a aithint agus a úsáid

  7. 2.7

    saibhreas canúnach na Gaeilge a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir chanúintí na Gaeilge ag tabhairt difríochtaí foghraíochta agus leaganacha canúnacha faoi deara

Ag cothú feasachta i leith chultúr na teanga
  1. 2.8

    gné(ithe) de chultúr na Gaeilge a roghnú agus taighde a dhéanamh uirthi agus í a chur i láthair ar shlí nuálach chruthaitheach

  2. 2.9

    tionscnaimh/cuir i láthair ó bhéal  a dhéanamh ar ghnéithe de bheochultúr na Gaeilge

Ag cothú feasachta i leith an dátheangachais
  1. 2.10

    tuiscint a léiriú ar a bhfuil i gceist le bheith ilteangach

  2. 2.11

    cultúir theangacha neamhfhorleathana a fhiosrú agus comparáid a dhéanamh idir theangacha

Díríonn an scoláire ar na tréithe aonair atá aige féin mar fhoghlaimeoir teanga.  Tuigeann sé conas straitéisí foghlama atá oiriúnach dó féin a úsáid. Tuigeann sé an spreagadh pearsanta atá aige I leith úsáid na teanga agus glacann sé úinéireacht phearsanta ar an teanga féin agus ar phróisis an sealbhú teanga.

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Ag cothú féintuisceana mar fhoghlaimeoir teanga
  1. 3.1

    stíl phearsanta foghlama a aithint agus straitéisí foghlama pearsanta a fhorbairt chun sealbhú scileanna inaistrithe teanga a éascú

  2. 3.2

    déileáil go héifeachtach le haiseolas

  3. 3.3

    deiseanna úsáide teanga sa phobal teanga a thapú

Ag forbairt na foghlama féinriair
  1. 3.4

    cinntí neamhspleácha a dhéanamh mar fhoghlaimeoir

  2. 3.5

    féinmheasúnú a dhéanamh ar dhul  chun cinn  sna scileanna teanga ar fad

  3. 3.6

    aiseolas  a roinnt le comhscoláirí ar an bhfoghlaim phearsanta sna scileanna teanga agus foghlama

  4. 3.7

    acmhainní teanga a úsáid (foclóirí, ríomhfhoclóirí, graiméir, seiceálaithe gramadaí agus litrithe, srl.) chun cruinneas agus saibhreas teanga a bhaint amach sa labhairt agus sa scríobh

Ag forbairt tuisceana ar spreagadh pearsanta i leith na teanga
  1. 3.8

    tuiscint a léiriú ar a spreagadh pearsanta i leith úsáid na teanga sa phobal teanga

  2. 3.9

    céimeanna a ghlacadh a léiríonn spreagadh pearsanta chun cur le cruinneas agus le saibhreas na teanga

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.