Measúnú Rangbhunaithe
Is ionann na Measúnuithe Rangbhunaithe agus an tráth nuair a dhéanann an múinteoir measúnú ar na scoláirí sa mheasúnú sonrach/sna measúnuithe sonracha a leagtar amach i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Tá Measúnú Rangbhunaithe amháin i ngearrchúrsaí na sraithe sóisearaí. De réir mar is féidir, glacfaidh múinteoirí na ngearrchúrsaí páirt i gcruinnithe AFMÁ. Cuspóir faoi leith den mheasúnú rangbhunaithe is ea aiseolas forbartha don scoláire a éascú le linn dóibh bheith páirteach sa tasc agus ag deireadh an phróisis.
Measúnú Rangbhunaithe in OSPS
Ní bhaineann an measúnú in OSPS le tascanna a shocrú d’fhonn teist marcanna a charnadh. Ná ní bhaineann sé le múinteoirí a bheith ag measúnú cén áit atá bainte amach ag an scoláire ar chontanam na folláine ná breithiúnas a dhéanamh maidir le folláine cholanda, shóisialta ná mhothúchánach an scoláire. Tugtar aird sa mheasúnú ar chead a thabhairt don scoláire léiriú a thabhairt ar an eolas, ar na scileanna agus na héirimí atá gnóthaithe aige trína rannpháirtíocht san fhoghlaim in OSPS.
Agus éagsúlacht na bhfoghlaimeoirí agus na gcomhthéacsanna á gcur san áireamh, agus ar mhaithe leis an oiread solúbthachta agus roghanna agus is féidir a chinntiú, rachaidh an scoláire i ngleic le ceann amháin de na Measúnuithe Rangbhunaithe (MRBanna) seo a leanas.
Teideal |
Leagan amach |
Ullmhúchán an scoláire |
Punann mo chuid foghlama agus mo mhachnamh ar fhoghlaim in OSPS |
Rogha aonair de mhíreanna oibre, amhail ábhar digiteach, téacsanna scríofa, póstaeir, ábhar closamhairc nó ábhar ilmhódach |
Roghnóidh an scoláire trí phíosa oibre, a cuireadh i gcrích le himeacht aimsire agus atá nasctha le snáitheanna difriúla na foghlama laistigh den chúrsa; cuirfidh sé i láthair iad in éineacht le machnamh ar an bhfáth ar roghnaíodh gach píosa agus ar an gcaoi a raibh siad tábhachtach don scoláire ó thaobh foghlama in OSPS. |
NÓ
Teideal |
Leagan amach |
Ullmhúchán an scoláire |
Beart a dhéanamh le haghaidh OSPS |
Tionscadal aonair nó grúpthionscadal beag ar féidir é a chur i láthair ar mhórán formáidí |
Déanfaidh an scoláire, thar thréimhse shonraithe, agus tacaíocht agus treoir á bhfáil aige ón múinteoir, taighde, tuairisciú agus machnamh ar bheart atá déanta aige chun gné den tsláinte/den fholláine a ndearnadh staidéar uirthi sa ghearrchúrsa OSPS a chur chun cinn nó chun feasacht a mhúscailt ar an ngné sin. |
Cé go mbeidh éagsúlacht ag baint leis an am a dhéantar an Measúnú Rangbhunaithe i ngearrchúrsaí, ag brath ar an scoil, ní féidir Measúnuithe Rangbhunaithe a dhéanfar i gcomhair tuairiscithe i bPróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a chur i gcrích sa chéad bhliain. Is féidir an Measúnú Rangbhunaithe seo a chur i gcrích sa dara bliain nó sa tríú bliain.
(Féach ar Uirlisí Úsáide OSPS: Modhanna Cruthaitheacha i leith Measúnú in OSPS)