RF 15 Aithníonn an scoláire an úsáid is féidir a bhaint as eolas, scileanna agus tuiscint mhatamaiticiúil i réimsí uile na foghlama |
Beidh an scoláire in ann tacú lena réitigh ar fhadhbanna geoiméadracha trí thagairt do choincheapa agus prionsabail chuí gheoiméadracha. |
RF 19 Tá meas ag an scoláire ar ról agus thionchar na heolaíochta agus na teicneolaíochta i leith na sochaí, agus ar an tábhacht phearsanta, shóisialta agus dhomhanda atá leo |
Déanfaidh an scoláire an tionchar a bhíonn ag an teicneolaíocht ar a shaol féin, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol a mheasúnú. |
RF 20 Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha |
Cinnfidh an scoláire céard iad na teicneolaíochtaí is feiliúnaí atá ar fáil dó agus cuirfidh sé i bhfeidhm iad chun na critéir a bhaineann le fadhb dearaidh a shásamh. |
RF 21 Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla |
Forbróidh an scoláire léirithe 3T de réitigh ar fhadhbanna trí shamhaltú leis na meáin chuí. |
RF 23 Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú |
Fiosróidh an scoláire as féin smaointe chun fadhb a réiteach agus forbróidh sé a réitigh trí úsáid a bhaint as na scileanna samhaltaithe cuí a d’fhorbair sé. |
RF 24 Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí na meán digiteach chun foghlaim, chun cumarsáid a dhéanamh, chun oibriú agus chun smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar bhealach freagrach agus eiticiúil |
Roghnóidh an scoláire uirlisí cuí ó na meáin dhigiteacha chun taighde a dhéanamh ar smaointe dearaidh agus chun iad a fhiosrú agus a léiriú. |