Graphics and Key Skills
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt.
| An phríomhscil | Gné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama an scoláire |
|---|---|---|
| A bheith cruthaitheach | Roghanna a fhiosrú | Fiosróidh an scoláire réitigh dearaidh mhalartacha ar fhadhb/ar threoir. |
| A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Roghnóidh an scoláire na modhanna grafacha is cuí chun a smaointe/réitigh a chur in iúl. |
| A bheith uimheartha | Smaointe a chur in iúl go matamaiticiúil | Bainfidh an scoláire úsáid as nodaireacht chuí mhatamaiticiúil agus toisí á gcur in iúl aige. |
| Cumarsáid | Teanga a úsáid | Úsáidfidh an scoláire an teanga chuí theicniúil agus cur síos á dhéanamh ar phróiseas. |
| Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil | Rachaidh an scoláire i mbun na smaointeoireachta nuálaí chun réiteach a dhearadh agus déanfaidh sé critíc ar an réiteach bunaithe ar na riachtanais a bhaineann leis an bhfadhb. |
| Mé féin a bhainistiú | Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach | Leagfaidh an scoláire plean oibre amach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é nuair atá taighde ar bun ar réitigh dearaidh. |
| Fanacht folláin | A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá teicneolaíocht dhigiteach in úsáid | Oibreoidh an scoláire go heiticiúil agus go sábháilte ar líne agus glacfaidh sé freagracht air féin i ndáil le slándáil agus príobháideachas an scoláire féin agus daoine eile a chinntiú nuair atá taighde ar bun ar smaointe. |
| Obair le daoine eile | Ag comhoibriú | Beidh an scoláire ag comhoibriú ar thaighde agus forbróidh sé réitigh ar fhadhb ar leith le daoine eile. |