Aidhm
Tá sé mar aidhm ag staidéar ar Ghrafaic na sraithe sóisearaí:
- cruthaitheacht, inniúlacht spásúil agus cumas réasúnaíochta agus cumarsáide smaointe an scoláire a fhorbairt, trí thabhairt faoi ghníomhaíochtaí réitigh fadhbanna geoiméadracha teibí agus feidhmeacha
- forbairt na scileanna cognaíocha agus deaslámhachta praiticiúla a bhaineann le cumarsáid ghrafach a spreagadh
- léirthuiscint do ról na grafaice sa domhan mórthimpeall air a chothú
- a chur ar chumas an scoláire breithiúnas a dhéanamh faoin modh is fearr chun a chuid smaointe agus réiteach a léiriú
- táirgeadh líníochtaí a chuireann scileanna cumarsáide chun cinn trí ghrafaic a spreagadh
- scileanna cognaíocha agus praiticiúla an scoláire a bhaineann le samhaltú agus cumarsáid ghrafaic a fhorbairt.