Raitís Foghlama
Ráitis foghlama (RF) |
|
Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh a leanann conas is féidir ILC: Eolaíocht Fhóiréinseach a Fhiosrú a nascadh le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc sa tsraith shóisearach. |
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa |
Déanann an scoláire cumarsáid éifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1 / TCÉ RF 1 |
I ngach snáithe iarrtar ar an scoláire foirmeacha simplí a chomhlánú agus treoracha briathartha agus/nó neamhbhriathartha chomh maith le treoracha scríofa agus/nó pictiúrtha a leanúint chun tascanna a chomhlíonadh. Sainaithnítear agus déantar cur síos ar nithe agus bailítear iad mar fhianaise. Tá sé tábhachtach i Snáithe 3 eolas a fháil agus achoimre a dhéanamh air chomh maith le tátal a bhaint as. I rith an chúrsa spreagtar scoláirí chun cumarsáid a dhéanamh mar bhall de ghrúpa. I Snáithe 4 tá deis láithreoireachta ann i suíomh rólimeartha amhail triail nó clár nuachta TF/raidió. |
Breathnaíonn agus measann an scoláire imeachtaí agus próisis eimpíreacha agus baineann siad tátail astu agus tagann ar chonclúidí bailí. RF 18 |
Ina aonar agus/nó i bpáirt le daoine eile téann an scoláire i gceann fianaise eolaíoch a bhailiú agus a chur i láthair, ag tomhas agus ag meá chomh maith le bheith ag cainníochtú agus ag seicheamhú trasna na snáitheanna uile. Bailítear fianaise freisin chun teacht ar chonclúidí bailí. |
Úsáideann an scoláire an teicneolaíocht agus uirlisí ó na meáin dhigiteacha chun bheith ábalta obair agus smaoineamh go comhoibríoch agus go cruthaitheach ar dhóigh fhreagrach agus eiticiúil. RF 24 |
Úsáideann an scoláire teicneolaíocht dhigiteach ag an leibhéal cuí chun: eolas a lorg; fianaise a thaifead (fianaise fhótagrafach i Snáitheanna 1 agus 2); clár scéalta a dhéanamh (Snáithe 3) agus b’fhéidir láithreoireacht dhigiteach a dhearadh nó cuidiú lena dearadh. (Snáithe 4). |