Raitís Foghlama
|
Ráitis foghlama (RF) |
|
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa |
|
Déanann an scoláire straitéisí a cheapadh agus a mheas chun fadhbanna a fhiosrú agus a réiteach ag baint úsáide as eolas, réasúnaíocht agus scileanna matamaiticiúla. |
Tá réiteach fadhbanna agus smaointeoireacht ríomhaireachta ina ngnéithe lárnacha den chúrsa seo. Úsáideann an scoláire a eolas matamaiticiúil, a scileanna matamaiticiúla agus a thuiscint mhatamaiticiúil nuair atá réitigh ar fhadhbanna sonracha á noibriú amach, a measúnú agus a gcur i bhfeidhm. |
|
Déanann an scoláire cur síos ar phatrúin agus ar choibhneasa agus déanann sé/sí iad a léiriú, a léirmhíniú, a thuar agus a mhíniú. |
Léirmhíníonn agus cuireann an scoláire síos ar phatrúin agus ar ghaoil de réir mar a réitíonn sé fadhbanna agus de réir mar a chruthaíonn sé tionscadail ag úsáid algartam agus teangacha ríomhchlárúcháin. |
|
Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. |
Déanann an scoláire, ina aonar nó mar chuid d’fhoireann, taighde agus plé ar na teicneolaíochtaí is oiriúnaí le húsáid, chun fadhbanna a réiteach agus chun réitigh a chur ar fáil. |
|
Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Tugann an scoláire faoi ransú smaointe agus faoi ghníomhaíochtaí pleanála, téann sé ar aghaidh ansin go dtí na céimeanna deartha, forbartha agus tástála, agus bíonn réiteach tionscadail ar fhadhb shonrach a chruthú ina thoradh ar a chuid oibre ar fad. |