Raitís Foghlama
Ráitis foghlama (RF) |
|
Léiríonn na táblaí ar na leathanaigh a leanann conas is féidir Tionscadal Pearsanta a nascadh le gnéithe lárnacha foghlama agus teagaisc sa tsraith shóisearach. |
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ábhartha sa chúrsa |
Déanann an scoláire cumarsáid éifeachtach ag úsáid modhanna éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1 RF 1 |
Úsáideann an scoláire na focail chearta agus iad ag plé faoi mhadraí. Déanann sé/sí cumarsáid chuí le daoine eile sa scoil agus sa phobal i gcásanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla. Tá deiseanna ann síos tríd chun láithreoireachtaí a dhéanamh a bhfuil faid agus méideanna éagsúla dúshláin ag roinnt leo. Úsáidtear réimse foirmeacha scríbhneoireachta chun oiriúint don chuspóir – sprioc foghlama a scríobh síos, foirm shimplí a chomhlánú nó treoracha a scríobh d’úinéir conchró coinneála a dhéanfaidh cúram de mhadra an scoláire. |
Is mór ag an scoláire cad atá i gceist le bheith i do shaoránach gníomhach, le cearta agus le freagrachtaí i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos leithne RF 7 |
Sna snáitheanna uile fiosraíonn an scoláire na freagrachtaí a bhaineann le madraí bheith i do sheilbh. Faigheann an scoláire amach faoi na seirbhísí do mhadraí atá ar fáil sa cheantar áitiúil. Réimse tábhachtach eile is ea an gá le tú féin agus daoine eile a chosaint ó dhochar féideartha. Glacann an scoláire páirt i saoránacht ghníomhach le linn an chúrsa de réir mar a thagann deiseanna aníos. |
Glacann an scoláire céimeanna chun a leas féin agus leas daoine eile a chosaint agus a chur chun cinn RF 11 |
Foghlaimíonn an scoláire faoi chleachtas éifeachtach sábháilte le linn dó/di aire a thabhairt do mhadra, lena n-áirítear an gá atá ann daoine eile a chosaint ó dhochar féideartha. |