Amharc-ealaín agus Príomhscileanna
Sa bhreis ar eolas sainiúil cothaíonn ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna chun raon príomhscileanna a fhorbairt. Tá féidearthachtaí ann tacú leis na príomhscileanna go léir le linn an chúrsa seo ach tá cuid díobh fíorthábhachtach. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí
An phríomhscil | Sampla de ghné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach | Roghanna a fhiosrú | Faigheann an scoláire taithí ar phróisis amharc-ealaíne ar nós breathnú, samhlú, déanamh agus iniúchadh, agus baineann sé triail astu, trí raon leathan meán lena n-áirítear modhanna digiteacha. |
A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Taispeánfaidh an scoláire, trí chomhráite, trí phléití agus trí chuir i láthair faoina shaothar féin nó faoi shaothar daoine eile go dtuigeann agus go léirmhíníonn sé na próisis ealaíne lena mbaineann. |
A bheith uimheartha | Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchta, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna | Forbraíonn an scoláire a smaointe agus a shaothar trí úsáid a bhaint as a eolas agus as a scileanna agus a thaithí phearsanta m.sh. ábhar a thomhas agus a mheas le haghaidh saothar trí thoiseach. |
Cumarsáid | Taibhiú agus cur i láthair | Cuireann an scoláire i láthair réimse fiosruithe óna shaothar a dhéanann an cur síos is fearr agus a thacaíonn lena smaointe agus lena shaothar críochnaithe ar réimse bealaí, m.sh. taispeántas, suiteáil, ealaín taibhithe, r-Phunann, bloc sceitseála Amharc-ealaíne. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil | Trí líníocht bhreathnaitheach, foghlaimíonn an scoláire chun na rudaí a fheiceann sé a thaifeadadh agus a anailísiú, mar chríoch ann féin nó le húsáid i bhforbairt saothair. |
Mé féin a bhainistiú | A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin | Trína shaothar féin a fhorbairt, déanann an scoláire machnamh ar a roghanna agus ar a chinntí ealaíonta tráth a chruthaítear an saothar agus ag deireadh an phróisis féin. |
Fanacht folláin | A bheith slán | Féadfaidh an scoláire, sa spás sábháilte sa rang ealaíne, inneachar, uirlisí agus ábhar cuí a mhíniú, a úsáid agus a thuiscint ar bhealach eiticiúil agus freagrach. |
Obair le daoine eile | Ag cuidiú le háit níos fearr a dhéanamh den domhan | Ag oibriú go comhoibríoch i gcomhthéacs cultúrtha agus le baill an phobail i gcoitinne, úsáideann an scoláire a scileanna ealaíonta chun na spásanna ina gcónaíonn sé a fheabhsú do gach duine. |