RF 3: Déanann an scoláire réimse leathan téacsanna a chruthú, a mheas agus a léirmhíniú go criticiúil. |
Taispeánfaidh an scoláire a eolas agus a thuiscint ar an gcultúr amhairc chun a ról i bhforbairt a shaothair ealaíne, ceardaíochta nó dearaidh féin nó saothar daoine eile a chruthú agus critíc a dhéanamh air. |
RF 4: Cruthaíonn agus cuireann an scoláire i láthair saothair ealaíonta agus tuigeann sé/sí an próiseas agus na scileanna atá i gceist. |
Cruthóidh an scoláire píosaí ealaíne, ceardaíochta agus dearaidh críochnaithe a ghabhfaidh agus a chuirfidh i láthair na próisis agus na cinntí a rinne sé trína bhloc sceitseála Amharc-ealaíne. |
RF 8: Tá meas ag an scoláire ar an oidhreacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tuigeann sé/sí an tábhacht atá ag an ngaol idir eachtraí atá thart agus eachtraí reatha, agus tábhacht na bhfórsaí is cúis le hathrú. |
Taispeánfaidh an scoláire trína smaointe cruthaitheacha agus trína shaothar cruthaitheach féin, gur féidir a shaothar Amharc-ealaíne a úsáid chun riachtanais, dóchais agus idéalacha a phobail níos leithne nó na sochaí ina hiomláine a léiriú. |
RF 20: Úsáideann an scoláire teicneolaíochtaí cuí chun dul i ngleic le dúshlán deartha. |
Déanfaidh an scoláire cinneadh faoin úsáid a bhainfidh sé as na teicneolaíochtaí traidisiúnta nó nua-aimseartha nó as na meáin nua ina shaothar bunaithe ar a thaithí foghlama agus beidh sé in ann an úsáid sin a chosaint. |
RF 21: Cuireann an scoláire scileanna praiticiúla i bhfeidhm de réir mar a fhorbraíonn sé/sí múnlaí agus táirgí ag baint úsáide as ábhair agus as teicneolaíochtaí éagsúla. |
Taispeánfaidh an scoláire gabháil agus forbairt a scileanna ealaíonta pearsanta féin trína líníochtaí, trína phróisis agus trína shaothair chríochnaithe ealaíne, cheardaíochta agus dhearaidh. |
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Taispeánfaidh an scoláire gur féidir leis próisis agus modheolaíochtaí difriúla a thuiscint agus a chur i bhfeidhm agus saothair ealaíne, píosaí ceardaíochta agus réitigh dearaidh chríochnaithe á gcruthú. |