Pleanáil, Teagasc agus Measúnú
Foilseofar go luath treoirlínte ar na Measúnúithe Rangbhunaithe agus ar an Tasc Measúnaithe don tSraith Shóisearach.
Gheofar sa doiciméad seo:
- Eolas ginearálta ar Mheasúnúithe Rangbhunaithe
- Tacaíocht le haghaidh bhreithiúnas an mhúinteora tríd an bpróiseas in Athbhreithniú ar Fhoghlaim agus ar Mheasúnú Ábhair
- Sonraí ar leagan amach agus ar scóip an dá Mheasúnú Rangbhunaithe a bhfuil cur síos orthu i sonraíocht an churaclaim don Eolaíocht
- Treoirlínte do scoileanna, múinteoirí agus scoláirí ar Mheasúnuithe Rangbhunaithe san Eolaíocht a dhéanamh
- Sonraí ar an Tasc Measúnaithe san Eolaíocht agus ar an gcaoi a gcabhraíonn an scoil lena chur i gcrích.