Litearthact Eolaíochta
Ar cheann d’aidhmeanna na sonraíochta seo tá cabhrú leis an scoláire a litearthacht eolaíochta a fhorbairt. Tá an sainmhíniú seo a leanas ar litearthacht eolaíochta le fáil i nDréacht‑Chreat Eolaíochta 2015 PISA (Clár um Measúnú Idirnáisiúnta Mac Léinn):
Is é atá i litearthacht eolaíochta an cumas chun dul i ngleic, mar shaoránach mhachnamhach, le saincheisteanna a bhaineann le heolaíocht agus le smaointe na heolaíochta.
Cuirtear síos ar dhuine atá liteartha go heolaíoch mar dhuine atá toilteanach dul i mbun dioscúrsa réasúnaithe faoi eolaíocht agus faoi theicneolaíocht. Ní mór dó a bheith ábalta feiniméin a mhíniú go heolaíoch, fiosrúchán eolaíochta a mheasúnú agus a dhearadh, agus sonraí agus fianaise a léirmhíniú go heolaíoch.
Litearthacht eolaíochta |
|
---|---|
Feiniméin a mhíniú go heolaíoch |
Tabharfaidh an scoláire chun cuimhne agus cuirfidh sé eolas ábhartha eolaíoch i bhfeidhm chun samhlacha mínitheacha a aithint, a úsáid agus a cheapadh. |
Fiosrúchán eolaíochta a thuiscint |
Sonróidh an scoláire ceisteanna is féidir a iniúchadh go heolaíoch; molfaidh sé bealach chun ceist a thugtar a fhiosrú ar bhonn eolaíoch; cumfaidh sé hipitéisí intástáilte agus déanfaidh sé measúnú agus comparáid ar straitéisí chun hipitéisí a scrúdú. |
Fianaise eolaíoch a léirmhíniú |
Beidh an scoláire rannpháirteach go criticiúil in athbhreithniú cothrom ar théacsanna eolaíochta. Trína bhíthin sin foghlaimeoidh sé conas na toimhdí, an fhianaise agus an réasúnaíocht a aithint i dtéacsanna a bhaineann le heolaíocht, agus déanfaidh sé idirdhealú idir argóintí atá bunaithe ar fhianaise agus ar theoiric eolaíochta, agus iad siúd nach bhfuil. |