Príomhscileanna
Gnéithe de phríomhscileanna a bhaineann leis an matamaitic
Aithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa mhatamaitic. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.
Tábla 2: Naisc idir matamaitic na sraithe sóisearaí agus príomhscileanna
| An phríomhscil | Gné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama a bhféadfadh an scoláire tabhairt fúthu |
|---|---|---|
| A bheith cruthaitheach | Roghanna a fhiosrú | De réir mar a théann an scoláire i mbun taisc nach bhfuil réiteach soiléir air a chéaduair, fiafraíonn sé ceisteanna, fiosraíonn sé smaointe agus roghanna eile, déanann sé measúnú ar smaointe agus gníomhartha agus glacann sé níos mó freagrachta as a chuid foghlama. |
| A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Míníonn an scoláire a chuid smaointeoireachta agus tugann sé údar lena réasúnaíocht, trí úsáid a bhaint as téarmaíocht mhatamaiticiúil go cuí agus go cruinn. |
| A bheith uimheartha | Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun scileanna agus tuiscint uimhearthachta a fhorbairt | Baineann an scoláire leas as teicneolaíocht dhigiteach chun sonraí a anailísiú agus a thaispeáint go huimhriúil agus go grafach; chun feidhmeanna ailgéabracha agus a gcuid graf a thaispeáint agus a fhiosrú; chun cruthanna agus solaid a fhiosrú; chun imscrúdú a dhéanamh ar thorthaí céimseatúla ar bhealach dinimiciúil; agus chun cumarsáid a dhéanamh agus obair i gcomhar le daoine eile. |
| Cumarsáid | Uimhreacha a úsáid | Úsáideann an scoláire uimhreacha chun cur síos nó achoimre a dhéanamh ar chás; chun tacú lena réasúnaíocht agus lena chonclúidí; agus chun patrúin agus coibhneasa a chur in iúl agus a mhíniú. |
| Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil |
Tugann an scoláire aghaidh ar thascanna saibhre inar gá dóibh an t-eolas matamaiticiúil agus na scileanna matamaiticiúla atá acu a úsáid ar bhealaí nuálacha. Déanann sé machnamh ar a chineálacha cur chuige féin maidir leis na tascanna sin agus cuireann sé i gcomparáid le cineálacha cur chuige daoine eile iad, agus déanann sé measúnú ar láidreachtaí agus laigí na gcineálacha cur chuige éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann. |
| Mé féin a bhainistiú | A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin | Déanann an scoláire machnamh ar na gníomhaíochtaí foghlama is éifeachtaí dar leo; baineann sé úsáid as an eolas seo chun cabhrú leis a chuid foghlama sa mhatamaitic a chur chun tosaigh. |
| Fanacht folláin | A bheith muiníneach | Bíonn deiseanna rialta ag an scoláire rath a bhaint amach sa mhatamaitic. Bíonn sé ag plé le cur chuige dearfach i leith na foghlama ina mbíonn meas ar chineálacha cur chuige éagsúla agus spreagtar é le foghlaim óna chuid botún. |
| Obair le daoine eile | Foghlaim le daoine eile | Oibríonn na scoláirí lena chéile ar thascanna comhoibríocha ina bhforbraíonn siad a gcuid scileanna matamaiticiúla agus a gcuid scileanna idirphearsanta; tugann siad tacaíocht agus aiseolas dá chéile i rith an phróisis. |