Aidhm
Is é an aidhm atá ag matamaitic na sraithe sóisearaí deiseanna ábhartha dúshlánacha a thabhairt do gach scoláire inniúlacht mhatamaiticiúil a bhaint amach ionas gur féidir leo dul i ngleic le dúshláin mhatamaiticiúla an ghnáthshaoil, agus cur ar a gcumas leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir ar an matamaitic sa tsraith shinsearach agus ina dhiaidh sin. Maidir leis an tsonraíocht seo, cuirtear inniúlacht mhatamaiticiúil i láthair mar chúig chuid idirnasctha atá fite fuaite ina chéile, seachas mar thréith aontoiseach:
- tuiscint choincheapúil – léirthuiscint ar choincheapa, oibríochtaí agus gaolta matamaiticiúla
- gnáth-líofacht –scil chun gnásanna a dhéanamh go solúbtha, go cruinn, go héifeachtúil agus go cuí
- inniúlacht straitéiseach–an cumas fadhbanna matamaiticiúla a cheapadh, a léiriú, agus a réiteach i gcomhthéacsanna a bhfuil taithí ag an scoláire orthu agus i gcomhthéacsanna nach bhfuil taithí aige orthu
- réasúnaíocht oiriúnaitheach–an cumas chun smaoineamh go loighciúil, machnamh, míniú, údar a thabhairt agus cumarsáid
- dearcadh dearfach –féachaint ar an matamaitic mar rud ciallmhar, úsáideach agus fiúntach, mar aon le creideamh i ndúthracht, buanseasmhacht agus éifeachtúlacht an duine féin.