Samplaí d'obair scoláire
Is féidir breathnú ar shamplaí d’fhoghlaim scoláirí sa Mhatamaitic anseo. Cuirtear na samplaí i gcatagóirí bunaithe ar an mbliainghrúpa.
Tháinig na nótaí ó mhúinteoir na scoláirí agus dhearbhaigh an grúpa um Dhearbhú Cáilíochta ina raibh múinteoirí reatha matamaitice agus ionadaithe don Chigireacht, do Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus don Oide iad.
Is é cuspóir na samplaí seo tacú le forbairt ghairmiúil na múinteoirí. Níor chóir iad a úsáid ar aon bhealach eile.
Má tá TCA le sampla de shaothar scoláirí, teastaíonn cuntas múinteora chun breathnú air. Is féidir leat cuntas a shocrú anseo le d’uimhir chlárúcháin ón gComhairle Mhúinteoireachta.
Cuirfear níos mó samplaí anseo le himeacht aimsire.