Acmhainní lena n-úsáid i dTeagasc OSPS
Tá acmhainní ranga á bhforbairt chun tacú le múinteoirí curaclam OSPS na Sraithe Sinsearaí (2024) a theagasc trí chomhpháirtíocht idir an Roinn Oideachais agus Óige, CNCM, agus FSS. Foilseofar na hacmhainní seo de réir a chéile agus cuirfear ar fáil as Gaeilge iad a luaithe is féidir.
Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta 5 - Achmainn nua!
Sláinte agus Folláine 5 - Acmhainn nua!
Ina theannta sin, is féidir le múinteoirí a gcuid tuisceana a fhorbairt agus tús a chur lena gcuid pleanála trí athbhreithniú a dhéanamh ar na hacmhainní sa Tacar Uirlisí seo a roghnaíodh go cúramach bunaithe ar a ábhartha is a bhí siad do OSPS na Sraithe Sinsearaí.
Má thugtar liosta d’acmhainní ranga, ní hionann é sin agus liosta saintreorach acmhainní. Roghnóidh gach múinteoir/scoil agus gach rang na hacmhainní is fearr dóibh féin bunaithe ar a gcuid riachtanas féin. Is iondúil go mbíonn daoine óga atá sa tsraith shinsearach idir 16 bliana d’aois agus 18/19 mbliana d’aois. Bíonn siad ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt mhothúchánach, shóisialta agus fhisiciúil agus cuirfidh a dtaithí éagsúil saoil lena gcuid foghlama in OSPS. Dá bhrí sin, ní mór don mhúinteoir OSPS ábharthacht agus oiriúnacht gach acmhainne a mheas, ós rud é gurb iad an múinteoir an té is fearr leis na hacmhainní a aithint a thacóidh is fearr le foghlaim i gcomhthéacs riachtanais uathúla, staid forbartha agus comhthéacs scoile a scoláirí.
Snáithe 1
Toradh Foghlama 1.1: Ba cheart go mbeadh sé ar chumas an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar chinntithigh de dhea-shláinte.
TF 1.1 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 1.1 (CNCM, 2024.)
Toradh Foghlama 1.3: Ba cheart go mbeadh an scoláire ábalta iniúchadh a dhéanamh ar noirm shóisialta, ar
dhearcthaí agus ar chreidimh a bhaineann le halcól, tobac/vápáil agus úsáid substaintí
TF 1.3 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 1.3 (CNCM, 2024.)
Snáithe 2
Toradh Foghlama 2.3: plé a dhéanamh ar an ngá le toiliú agus ar an tábhacht le cúram, meas, comhbhá, muinín agus comhphléisiúr laistigh de chaidreamh gnéasach.
TF 2.3 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.3 (CNCM, 2026.)
Toradh Foghlama 2.4: Ba cheart go mbeadh sé ar chumas an scoláire scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a mbuanaítear dearcthaí dochracha faoi chúrsaí inscne sna meáin, ar líne agus sa tsochaí agus plé a dhéanamh ar straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar na dearcthaí agus na hinsintí dochracha seo agus iad a athrú.
TF 2.4 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.4 (CNCM, 2024.)
Toradh Foghlama 2.6: iniúchadh a dhéanamh ar na príomhchúiseanna agus ar na hiarmhairtí d’fhoréigean baile, gnéasach agus foréigean bunaithe ar inscne (DSGBV), agus solas a chaitheamh ar na tacaíochtaí agus ar na seirbhísí atá ar fáil, agus na cosaintí faoi dlí.
TF 2.6 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.6 (CNCM, 2026.)
Toradh Foghlama 2.7: Ba cheart go mbeadh sé ar chumas an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar thionchar féideartha na pornagrafaíochta ar ionchais agus ar iompair chaidrimh agus ar na tacaíochtaí atá ar fáil do na daoine ar imir an phornagrafaíocht tionchar orthu.
TF 2.7 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.7 (CNCM, 2024.)
Toradh Foghlama 2.8: plé a dhéanamh ar dhrochíde ar bhonn íomhánna, ar chiapadh gnéis, ar ionsaí gnéis agus ar éigniú agus ar an méid atá le déanamh agus cén chaoi chun tacaíocht a lorg má dhéantar aon cheann acu seo ar an scoláire nó ar aon duine eile a bhfuil aithne aige air.
TF 2.8 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.8 (CNCM, 2026.)
Toradh Foghlama 2.9: Ba cheart go mbeadh an scoláire ábalta tuiscint a fháil ar na gnéithe de shláinte
ghnéis, lena n áirítear torthúlacht ar fud an tsaolré, roghanna atáirgthe, feidhmiú gnéis,
cleachtais ghnéis níos sábháilte, freagraí féideartha ar thoircheas neamhbheartaithe,
agus an chaoi chun rochtain a fháil ar sheirbhísí agus eolas maidir le sláinte ghnéis.
TF 2.9 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 2.9 (CNCM, 2024.)
Snáithe 3
Toradh Foghlama 3.6: Ba cheart go mbeadh an scoláire ábalta a aithint nuair a bhíonn leithcheal
á dhéanamh ar dhaoine agus na scileanna a theastaíonn a thaispeáint chun
dlúthpháirtíocht a léiriú i réimse cásanna.
TF 3.6 tuilleadh mionsaothraithe agus treorach ar Toradh Foghlama 3.6 (CNCM, 2024.)
Tá treoir bhreise do mhúinteoirí maidir le torthaí foghlama ar leith sna modúil Cúraim Phearsanta Leibhéal 2 ar fáil thíos:
- Treoir maidir le toradh foghlama t
- Treoir maidir le toradh foghlama u
- Treoir maidir le toradh foghlama v