Corpoideachas agus príomhscileanna
Naisc idir corpoideachas na sraithe sóisearaí agus príomhscileanna
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach |
Roghanna a fhiosrú |
Pléann agus comhaontaíonn an scoláire réitigh ar fhadhbanna a thagann chun cinn i ngníomhaíochtaí coirp éagsúla. |
A bheith liteartha |
Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas |
Pléann an scoláire réitigh éagsúla ar thascanna sa chorpoideachas lena chomhscoláirí. |
A bheith uimheartha | Sonraí a bhailiú, a léirmhíniú agus a léiriú | Déanann an scoláire anailís staitistiúil ar a fheidhmiú féin agus ar fheidhmiú daoine eile, cuireann sé i láthair í i ngrafaic, agus úsáideann sé na tátail le feidhmiú a mheasúnú agus le pleanáil d’fheabhsú. |
Cumarsáid | Éisteacht agus mé féin a chur in iúl | Réitíonn an scoláire fadhbanna agus pléann sé réitigh le meas le comhscoláirí i réimse gníomhaíochtaí coirp. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Eolas agus sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú agus a mheas |
Bailíonn agus eagraíonn an scoláire sonraí le fianaise a chur ar fáil faoina fheidhmiú féin agus faoi fheidhmiú daoine eile. Úsáideann sé an fhaisnéis sin le pleanáil le d’fheabhsú. |
Mé féin a bhainistiú |
Spriocanna pearsanta a shocrú agus a bhaint amach |
Ceapann agus tugann an scoláire faoi phleananna le spriocanna pearsanta nó grúpa a bhaint amach. |
Fanacht folláin |
A bheith folláin, fisiciúil agus gníomhach |
Foghlaimíonn an scoláire le cinntí eolacha a dhéanamh faoina rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp. |
Obair le daoine eile |
Ag comhoibriú |
Glacann an scoláire páirt i dtascanna le comhscoláirí agus i ngrúpa a éilíonn comhoibriú chun comhspriocanna dúshlánacha a bhaint amach. |