Ráitis foghlama
Léirítear ar na leathanaigh seo a leanas an chaoi a bhféadfaí Bia blasta a nascadh le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.
Bia blasta agus ráitis foghlama
Naisc idir Bia blasta agus na ráitis foghlama
Ráitis Foghlama |
|
Ráiteas |
Samplaí d’fhoghlaim ghaolmhar sa chúrsa |
RF 1: Déanann an scoláire cumarsáid go héifeachtach ar bhealaí éagsúla i réimse comhthéacsanna sa T1. |
Úsáideann an scoláire raon scileanna cumarsáide léirithigh chun idirghníomhú le daoine eile sa scoil agus sa phobal i gcásanna neamhfhoirmiúla agus foirmiúla. Léirmhínítear agus úsáidtear téacs[1] chun roghanna eolacha a dhéanamh maidir le bia agus deoch. |
RF 13: Tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh. |
I ngach snáithe, foghlaimíonn an scoláire faoi roghanna cearta a dhéanamh maidir leis an mbia agus deoch a itheann agus a ólann sé. Fiosraíonn sé na difríochtaí idir bia agus deoch sláintiúil agus míshláintiúil agus aiste bia cothromaithe a phleanáil. Bíonn deiseanna aige a chuid bia féin a fhás agus cuairt a thabhairt ar tháirgeoirí agus soláthraithe áitiúla. Má itheann sé i réimse suíomhanna, beidh sé in ann a eolas a aistriú thar réimse cásanna praiticiúla. |
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. |
Trí aiste bia a phleanáil agus a chruthú, úsáideann an scoláire na scileanna ar fad a forbraíodh sa chúrsa ar bhealach praiticiúil agus bríoch. |
Bia blasta agus príomhscileanna agus Aonaid Tosaíochta Foghlama
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Díríonn curaclam na sraithe sóisearaí ar ocht bpríomhscil.
Fíor 1: Príomhscileanna na Sraithe Sóisearaí
Tá an fhoghlaim sna haonaid foghlama tosaíochta ag forluí ar phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a forbraíodh do gach scoláire.
I dTábla 2 thíos tugtar liosta de na haonaid, de roinnt gnéithe de na haonaid sin agus na cineálacha gníomhaíochtaí foghlama bainteacha a chabhróidh leis an scoláire torthaí foghlama agus gnéithe na n-aonad a bhaint amach. Chomh maith leis sin, is féidir leis an múinteoir a lán de na gnéithe eile de phríomhscileanna na sraithe sóisearaí a fhí isteach ina chuid pleanála don seomra ranga.
Tábla 2: Naisc idir na hAonaid Foghlama Tosaíochta, gnéithe de na haonaid agus gníomhaíocht foghlama an scoláire
AONAD FOGHLAMA TOSAÍOCHTA |
Gné an aonaid |
Gníomhaíocht foghlama scoláire |
Cumarsáid, teanga agus litearthacht |
Léitheoireacht |
Déanann an scoláire roghanna maidir le bia agus deoch nuair a chuirtear réimse téacsanna i réimse suíomhanna ina láthair. |
Uimhearthacht |
Patrún agus seicheamh Tomhais agus sonraí |
Leanann an scoláire an seicheamh ceart céimeanna chun sneaic sláintiúil a ullmhú. Úsáideann an scoláire airgead chun comhábhair a cheannach a theastaíonn don aiste bia pleanáilte, agus íocann sé ar bhia agus é ag ithe amuigh. |
Cúram pearsanta agus folláine |
Bia agus cothú Sábháilteacht phearsanta |
Pleanálann an scoláire, téann sé ag siopadóireacht agus ullmhaíonn sé bia, ag leanúint oidis. Agus trealamh cócaireacht a úsáid aige, déanann an scoláire go cúramach é. Láimhseáiltear agus stóráiltear bia go sábháilte agus go cuí. |
A bheith rannpháirteach i bpobal |
Áiseanna áitiúla a úsáid |
Sainaithníonn an scoláire cá háit le bia agus/nó deoch a cheannach agus bíonn a fhios aige cá háit iad a stóráil ina thimpeallachtaí féin. |
Na healaíona |
Amharc-ealaín |
Fiosraítear na gnéithe éagsúla de chomhábhair nádúrtha, amha (ar nós glasraí agus torthaí) agus bia próiseáilte, trí na céadfaí. |
Corpoideachas |
Scileanna gluaiseachta (lúthchleasaíocht/gleacaíocht) |
Forbraítear scileanna mínluaile don ithe agus ól mar aon le bia a ullmhú. |
[1] Cuimsíonn 'téacs' gach toradh ar úsáid teanga: caint, gothaí, comharthaí, scríobh, amharc, leictreonach agus digiteach.