Príomhscileanna
Sa bhreis ar eolas sainiúil cothaíonn ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna chun raon príomhscileanna a fhorbairt. Tá féidearthachtaí ann tacú leis na príomhscileanna go léir le linn an chúrsa seo ach tá cuid díobh fíorthábhachtach. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.
An phríomhscil | Gné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama gaolmhara an scoláire |
---|---|---|
A bheith uimheartha | Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil | Is féidir leis an scoláire iniúchadh a dhéanamh ar a ngaol idir na seanraí/stíleanna éagsúla agus cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint trí ghníomhaíochtaí éisteachta agus cumtha. |
A bheith liteartha | Scríobh ar son cuspóirí éagsúla | Is féidir leis an scoláire ceol a chruthú mar fhreagairt ar spreagthaí éagsúla amhail íomhánna, téacsanna, smaointe/meonta/mothúcháin teibí nó foirmeacha agus píosaí binne eile. |
Mé féin a bhainistiú | A bheith in ann machnamh a dhéanamh ar mo chuid foghlama féin | Foghlaimeoidh an scoláire láidreachtaí agus laigí pearsanta a shainaithint agus machnamh a dhéanamh orthu; breathnú ar a roghanna agus a chinntí; agus cuidiú a lorg agus bheith oscailte don aiseolas ar bhealach a éascaíonn athbhreithniú agus feabhsú. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú | Teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ábhar a rochtain, a bhainistiú agus a chomhroinnt | Is féidir leis na scoláirí gléasanna digiteacha a úsáid lena léirithe aonair nó grúpa a thaifeadadh, an t-ábhar seo a roinnt lena chéile agus punann forbartha léirithe a fhorbairt. |
A bheith cruthaitheach | Foghlaim go cruthaitheach | Déanfaidh an scoláire iniúchadh ar chuir chuige nuálacha le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí an tseomra ranga; mar shampla trí phlé grúpa, gluaiseacht, smaointeoireacht amhairc, teagasc piaraí, úsáid chruthaitheach as teicneolaíocht agus dul sa seans. |
Cumarsáid |
Taibhiú agus cur i láthair |
Gheobhaidh an scoláire deiseanna le mothúcháin a iniúchadh agus a chur in iúl trí léiriú nó trí chur i láthair. Déanfaidh sé cinntí faoi conas is fearr cumarsáid a dhéanamh lena lucht éisteachta/féachana. Trí bheith ag éisteacht le daoine eile agus ag breathnú orthu ag déanamh cumarsáide, is féidir leis an scoláire tuiscint a fhorbairt ar an dóigh lena smaointe a chur in iúl trí mheáin éagsúla agus chuí. |
Obair le daoine eile | An dea-chaidreamh a fhorbairt agus plé le coimhlint | Foghlaimeoidh na scoláirí conas caidreamh a dhéanamh le piaraí agus le múinteoirí le linn cleachtaí agus gníomhaíochtaí grúpa eile; caitheann siad am ag éisteacht go gníomhach lena chéile agus ag comhroinnt smaointe go hionraic agus go leochaileach; foghlaimeoidh siad conas dearcthaí/smaointe daoine eile a urramú agus a chuimsiú. |
Fanacht folláin | A bheith muiníneach | Forbraíonn an scoláire muinín agus é ag rannchuidiú le cinntí a dhéanamh laistigh de ghrúpa ceoil agus gníomhaíochtaí agus iarrachtaí cruthaitheacha comhoibríocha á ndéanamh aige. Forbraíonn siad teacht aniar nuair atá deacrachtaí rompu agus ciall don sásamh nuair a bhaineann siad spriocanna amach. |