Skip to content

Foilsiú Curaclam Athfhorbartha na Bunscoile

Foghlaim Tuilleadh

Ionchais maidir le scoláirí

Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair nó an ghearrchúrsa. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:  

  • Thar barr ar fad
  • Os cionn na n-ionchas
  • Atá ag teacht leis na hionchais.

Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna. 

Torthaí foghlama

Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an staidéar ceoil sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa cheol go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.

Chun cabhrú le múinteoirí, le tuismitheoirí agus le scoláirí na torthaí foghlama a fhiosrú, tá gluais de na briathra gnímh a úsáidtear sa tsonraíocht le fáil in Aguisín A. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin, ná níltear ag moladh iontu ord inar chóir na torthaí foghlama a fhorbairt sa seomra ranga. Cuirtear Ceol na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le difreáil agus cleachtais chuimsitheacha an tseomra ranga. 

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Cruthú agus iniúchadh
  1. 1.1

    míreanna gairide ceoil a chumadh, a chur i láthair nó a athsheinm agus tacú leis na míreanna sin trí ostinati rithimeacha/séise/armónacha a chruthú lena dtionlacan

  2. 1.2

    píosa gairid a chruthú agus a chur i láthair, ag baint úsáid as uirlisí agus/nó fuaimeanna eile mar fhreagairt ar spreagthach

  3. 1.3

    tionlacan armónach nó rithimeach a dhearadh, an tionlacan sin a thaifeadadh agus tobchumadh a dhéanamh ar an taifeadadh sin

  4. 1.4

    cordaí a léiriú atá oiriúnach chun tacaíocht armónach a chur ar fáil do líne aonair shéise

Rannpháirtíocht agus déanamh ceoil
  1. 1.5

    léamh, léirmhíniú agus seinm ó léirithe siombalacha fuaimeanna

  2. 1.6

    éisteacht le míreanna rithimeacha suas le ceithre bharra agus míreanna séise suas le dhá bharra agus iad a thras-scríobh

  3. 1.7

    ceol a thaibhiú le hamharcléamh trí mhíreanna rithimeacha séiseacha a sheinm, a chanadh nó a bhualadh 

  4. 1.8

    píosaí ceoil ina n-úsáidtear seifteanna struchtúracha agus uigeachtaí coiteanna a chleachtadh agus a thaibhiú

  5. 1.9

    tuiscint a thaispeáint ar réimse méadar agus buillí trí úsáid a bhaint as cnagceol colainne nó bealaí eile gluaiseachta

Breithmheas agus freagairt a thabhairt
  1. 1.10

    plé a dhéanamh ar shaintréithe agus ar ghnéithe sainithe stíleanna codarsnacha ceoil a léirítear sa scoil áitiúil nó sa phobal 

  2. 1.11

    struchtúr píosa ceoil a léiriú trí léiriúchán fisiceach nó amhairc

  3. 1.12

    a chur in iúl nuair a athraionn corda i sleachta ó rogha amhrán

  4. 1.13

    comparáid a dhéanamh idir léirmhínithe nó cóirithe difriúla ar phíosa ceoil thraidisiúnta Éireannacha, agus aird á tabhairt ar ghnéithe ceoil agus tionchair eile

  5. 1.14

    comparáid a dhéanamh idir píosaí ceoil atá cosúil de réir ré agus stíle le cumadóirí éagsúla ó thíortha éagsúla

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Cruthú agus iniúchadh
  1. 2.1

    triail a bhaint as cineálacha éagsúla fuaimeanna a dhéanamh ar fhoinse fuaime agus tobchumadh a bhunú air agus gairid a bhreacadh a chorpraíonn na fuaimeanna trí léiriúcháin shiombalacha a chumadh do na fuaimeanna sin

  2. 2.2

    ráiteas ceoil (ar nós rap nó gligín fógraíochta) a chruthú faoi cheist tráthúil nó imeacht reatha agus cuspóir agus forbairt an ráitis a chomhroinnt le daoine eile

  3. 2.3

    sleachta/móitífeanna/téamaí ó phíosa reatha ceoil a oiriúnú trína mhothú, stíl, nó armóin bhunaidh a athrú

Rannpháirtíocht agus déanamh ceoil
  1. 2.4

    amhrán nó píosa gairide uirlise a chleachtadh agus a chur i láthair; na scileanna agus na teicnící ba ghá chun an ceol a léirmhíniú go héifeachtúil a shainaithint agus a phlé

  2. 2.5

    saothar ceoil a ullmhú agus a chleachtadh do ensemble a dhíríonn ar chomhoibriú agus éisteacht do chothromú agus d'iontonú; an léirmhíniú a bheachtú trí bhreathnú ar ghnéithe amhail soiléireacht, líofacht, éifeacht cheoil agus stíl

  3. 2.6

    ostianto rithimeach nó séise a chumadh agus sraitheanna fuaime a chur leis thar an bpatrún nuair a sheinntear arís é, an uigeacht a éagsúlú chun píosa mothaithe a chruthú chun gearrthán scannáin nó seicheamh íomhánna a thionlacan. 

  4. 2.7

    roinnt smaointe ceoil a chruthú agus a chur i láthair ag baint úsáid as uirlisí agus/nó fuaimeanna aimsithe chun mothú nó mothúcháin atá curtha in iúl i ndán, scéal nó alt nuachtáin a léiriú

Breithmheas agus freagairt a thabhairt
  1. 2.8

    anailís a dhéanamh ar réimnithe corda sleachta ó réimse amhrán agus liosta 
    amhrán a chur le chéile ina mbeidh réimnithe corda comhchosúla

  2. 2.9

    idirdhealú a dhéanamh idir raonta agus tondathanna na roghanna uirlisí agus guthanna; an chaoi a léirítear na fuaimeanna sin a shainaithint agus a láidreachtaí agus a dteorainneacha i dtaibhiú a mholadh

  3. 2.10

    sraith critéar a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar thaibhiú beo nó taifeadta; úsáid a bhaint as na critéir sin chun athbhreithniú domhain a dhéanamh ar thaibhiú

  4. 2.11

    measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht ar an dóigh a measúnaímid an ceol; bealaí a mholadh lenar féidir a gceol féin, agus ceol scoláirí eile a chomhroinnt chun lucht éisteachta domhanda a shroicheadh

Foghlaimíonn na scoláiri faoi Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire
Cruthú agus iniúchadh
  1. 3.1

    comhoibriú le scoláirí eile agus le piaraí chun seinnliosta agus sraith taifeadtaí a dhéanamh le himeacht stairiúil áitiúil nó imeacht comórtha pobail a thionlacan

  2. 3.2

    scrúdú agus léirmhíniú a dhéanamh ar thionchar an cheoil ar léiriú na gcarachtar, a gcaidreamh agus a mothúchán, de réir mar a iniúchtar é i gceol uirliseach ó sheánraí éagsúla

  3. 3.3

    staidéar a dhéanamh ar stíl chomhaimseartha nó stairiúil ceoil faoi leith; anailís a dhéanamh ar a struchtúir agus a húsáid as seifteanna ceoil, agus cur síos a dhéanamh ar na naisc cheoil atá ag an stíl sin le stíleanna eile

Rannpháirtíocht agus déanamh ceoil
  1. 3.4

    gligín úrnua nó píosa gairid ceoil a chumadh agus a thaibhiú lena úsáid i bhfógra nua do tháirge, agus an saothar cumtha a thaifeadadh

  2. 3.5

    samplaí de cheol teagmhasach a chumadh agus a thaibhiú a d’fhéadfaí a úsáid i gcomhthéacsanna nó i dtimpeallachtaí éagsúla 

Breithmheas agus freagairt a thabhairt
  1. 3.6

    ceangal a dhéanamh idir sleachta ceoil agus téacsanna éagsúla (focail, scannán, teanga) agus údar a thabhairt leis na cúiseanna lenar roghnaíodh an píosa ceoil sin le dul leis an téacs

  2. 3.7

    píosaí le beirt chumadóirí ceoil/amhrán Éireannacha nó níos mó ná sin, a chur i gcomparáid lena chéile; úsáid a bhaint as éisteacht, léamh cúlra, agus scóir (nuair is cuí) chun míniú a thabhairt agus cur síos a dhéanamh ar na difríochtaí agus na cosúlachtaí sna saothair chumtha

  3. 3.8

    fógra faoi leith a roghnú agus anailís a dhéanamh ar an ról atá ag an gceol i dtacú leis an teachtaireacht agus an táirge a chur chun cinn

  4. 3.9

    iniúchadh a dhéanamh ar thionchar na n-éifeachtaí próiseála (m.sh. saobhadh, aisfhuaimniú, peanáil) ar an bpróiseas taifeadta; roinnt taifeadtaí a roghnú agus measúnú a dhéanamh ar úsáid agus ar éifeachtúlacht éifeachtaí den sórt sin atá iontu

  5. 3.10

    plé a dhéanamh ar phrionsabal na gceart ceoil agus míniú a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar chomhroinnt agus ar fhoilsiú an cheoil 

  6. 3.11

    fiosrú a dhéanamh ar an am a thugtar d’ealaíontóirí agus taibheoirí Éireannacha ar na meáin éagsúla áitiúla nó náisiúnta Éireannacha agus na torthaí sin a chur i láthair sa rang

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.