Ráitis foghlama
Tacaíonn Eacnamaíocht Bhaile le réimse leathan cuspóirí foghlama sa tsraith shóisearach. Léiríonn na táblaí seo a leanas an chaoi a bhfuil Eacnamaíocht Bhaile na sraithe sóisearaí nasctha le gnéithe lárnacha den fhoghlaim agus den teagasc sa tsraith shóisearach.
An ráiteas | Samplaí d’fhoghlaim ábhartha |
---|---|
RF 13: Tuigeann an scoláire tábhacht an bhia agus an chothaithe i leith cinntí sláintiúla a dhéanamh. | Déanfaidh an scoláire forbairt ar a chuid scileanna i dtuiscint ar bhia agus sláinte ionas gur féidir leis roghanna sláintiúla maireachtála a dhéanamh dó féin mar dhuine aonair agus ina theaghlach agus a shochaí chomh maith. |
RF 10: Tá an fheasacht, an t-eolas, na scileanna, na luachanna agus an t-inspreagadh ag an scoláire le maireachtáil go hinbhuanaithe. | Forbróidh an scoláire a chuid scileanna maidir le smaointeoireacht chriticiúil agus cinnteoireacht ionas go mbeidh stíl mhaireachtála inbhuanaithe agus fhreagrach aige. |
RF 14: Déanann an scoláire cinntí eolasacha airgeadais agus forbraíonn sé scileanna maithe tomhaltacha. | Forbróidh an scoláire a chuid scileanna mar thomhaltóir géarchúiseach agus léireoidh sé inniúlacht mar thomhaltóir agus é ag láimhseáil acmhainní airgeadais sa teaghlach. |
RF 9: Tuigeann an scoláire bunús agus tionchar ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an domhain mórthimpeall air/uirthi. | Déanfaidh an scoláire machnamh agus anailís ar thionchair táirgí agus próiseas sa teach ar dhaoine, ar an tsochaí agus ar thimpeallachtaí. |
RF 11: Déanann an scoláire gníomh lena f(h)olláine féin agus folláine daoine eile a chosaint agus a chur chun cinn. | Déanfaidh an scoláire cinntí eolasacha a mbeidh tionchar acu ar a shláinte, a fholláine agus sábháilteacht daoine eile. |
RF 22: Léiríonn an scoláire tionscnaíocht, tá sé nuálach agus forbraíonn sé scileanna fiontraíochta. | Forbróidh an scoláire a chuid scileanna fiontraíochta agus é ag iarraidh féachaint as an nua ar dhúshláin agus dheiseanna an tsaoil. |
RF 23: Tógann an scoláire smaoineamh ar aghaidh ó cheapadh go réadú. | Cuirfidh an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm i réimsí na dteicstílí agus an bhia chun smaoineamh a réadú. |