Ionchais maidir le scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair.
Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:
- Thar barr ar fad
- Os cionn na n-ionchas
- Atá ag teacht leis na hionchais.
Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.
Torthaí foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar Eacnamaíocht Bhaile sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire san Eacnamaíocht Bhaile go dtí deireadh na sraithe sóisearaí.
Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t-uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear Eacnamaíocht Bhaile na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Díríonn an snáithe seo ar scileanna bia, sláinte agus cistineacha an scoláire a fhorbairt. Cuirtear ar chumas an scoláire dearcadh sláintiúil agus caidreamh dearfach a fhorbairt le bia trí fhoghlaim phraiticiúil ó thaithí. Cuireann sé a thuiscint ar phrionsabail chothaithe, aiste bia agus sláinte i bhfeidhm chun stíl mhaireachtála shláintiúil a ghlacadh agus cinntí eolasacha a dhéanamh a mbíonn tionchar acu ar a shláinte agus a fholláine féin agus ar shláinte agus ar fholláine a theaghlaigh chomh maith. Tá cur i bhfeidhm scileanna praiticiúla maidir le tuiscint ar bhia agus sláinte ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear ann pleanáil biachláir; siopadóireacht; cócaireacht; scileanna sábháilteachta agus sláinte bia; srianadh sciar; lipéid bhia a léamh; anailís cothaithe; costáil; agus dramhaíl bhia etc.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh |
|
| Sláinte agus Folláine |
|
| Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe |
|
| Inniúlacht Tomhaltóirí |
|
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Sa snáithe seo éascaítear an scoláire chun saol teaghlaigh freagrach a fhiosrú, ó thaobh córas de. Tagann an scoláire ar thuiscint ar fhoirmeacha éagsúla teaghlaigh agus ar ról an teaghlaigh mar an príomhaonad sóisialta. Tagann sé ar thuiscint ar ról an teaghlaigh i bhforbairt an pháiste i dtimpeallacht theaghlaigh shábháilte chothaitheach. Forbraíonn an scoláire scileanna saoil a chuireann ar a chumas acmhainní a bhainistiú go freagrach agus go hinbhuanaithe sa bhaile agus sa phobal. Éascaítear é chun bheith ina thomhaltóir géarchúiseach cumasach atá in ann scileanna éifeachtacha cinnteoireachta a chur i bhfeidhm sa saol laethúil sa bhaile agus sa phobal. Ag croílár an tsnáithe seo, cuirtear ar chumas an scoláire a bheith freagrach agus dearcadh báúil a ghlacadh i dtreo daoine eile, ball den teaghlach, i dtreo na sochaí agus an chomhshaoil.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh |
|
| Sláinte agus Folláine |
|
| Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe |
|
| Inniúlacht Tomhaltóirí |
|
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Díríonn an snáithe seo ar scileanna an scoláire maidir le teicstílí a fhorbairt, ar chruthaitheacht agus ar eolas an scoláire. Tá scileanna praiticiúla teicstíle agus ceardaíochta ag croílár an tsnáithe seo agus cuimsítear leo scileanna fuála innill agus láimhe agus teicnící maidir le huigeacht ábhair a úsáid agus a mhaisiú. Is féidir leis an scoláire cinntí inbhuanaithe a dhéanamh mar thomhaltóir maidir le rogha agus cothú éadaí agus teicstílí. Cuirfidh an scoláire próiseas na treorach le haghaidh dearadh i bhfeidhm trí mhír teicstíle a dhearadh agus a dhéanamh don duine aonair nó don teach.
Chun críocha na dtorthaí foghlama agus an mheasúnaithe sa tsonraíocht seo, cuimsíonn an téarma ‘mír teicstíle’ ceardaíocht bunaithe ar theicstílí do dhuine aonair agus don teach freisin.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
|---|---|
| Cumhachtú an Duine Aonair agus an Teaghlaigh |
|
| Sláinte agus Folláine |
|
| Maireachtáil Fhreagrach agus Inbhuanaithe |
|
| Inniúlacht Tomhaltóirí |
|