Príomhscileanna
I dteannta a n-inneachair agus a n-eolais shonraigh, tugann ábhair agus gearrchúrsaí na sraithe sóisearaí deiseanna don scoláire chun réimse leathan príomhscileanna a fhorbairt. Tá deiseanna ann chun tacú leis na príomhscileanna uile sa chúrsa seo ach tá roinnt díobh a bhfuil tábhacht ar leith leo. Sainaithnítear sna samplaí thíos roinnt de na gnéithe a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama sa tíreolaíocht. Leagtar amach na hocht bpríomhscil go mion i bPríomhscileanna na Sraithe Sóisearaí.
An phríomhscil | Gné na príomhscile | Samplaí de ghníomhaíochtaí foghlama a bhféadfadh an scoláire tabhairt fúthu |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach |
Roghanna a fhiosrú Foghlaim go cruthaitheach An chruthaitheacht a spreagadh ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach |
Foghlaimíonn an scoláire faoi cheisteanna domhanda ar nós athrú aeráide agus fiosraíonn sé roghanna maidir le maolú agus cosc. |
A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Déanann an scoláire díospóireacht ar an tslí a n-imríonn forbairt gheilleagrach tionchar ar dheiseanna an duine óig. |
A bheith uimheartha |
Patrúin, treochtaí agus coibhneasa a fheiceáil |
Déanann an scoláire anailís ar ghréasáin lonnaíochta. Déanann an scoláire an mheánbháisteach thar thréimhse áirithe a thomhas, a thaifeadadh agus a ghrafadh trí úsáid a bhaint as méadar báistí. |
Cumarsáid |
Éisteacht agus mé féin a chur in iúl
|
Comhoibríonn an scoláire lena phiaraí chun tionscadal faoin úsáid inbhuanaithe as acmhainní na hÉireann a ullmhú. Déanann an scoláire plé ar an tionchar atá ag gníomhaíochtaí an duine ar athrú aeráide. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
A bheith fiosrach Smaoineamh go cruthaitheach agus go criticiúil |
Déanann an scoláire iniúchadh ar bhunús a bhaile nó a shráidbhaile.
|
Mé féin a bhainistiú |
Aithne orm féin |
Déanann an scoláire machnamh ar a fhoghlaim trí phlé a dhéanamh ar aiseolas an mhúinteora agus trí ghníomhú dá réir, mar shampla, sa Mheasúnú Rangbhunaithe. |
Fanacht folláin | A bheith sóisialta
A bheith dearfach faoin bhfoghlaim A bheith freagrach, slán agus eiticiúil nuair atá na meáin dhigiteacha in úsáid |
Oibríonn an scoláire i bhfoireann chun tionscadal faoi ghníomhaíochtaí geilleagracha ina cheantar a chur i gcrích. Roghnaíonn an scoláire ábhar a bhfuil spéis aige ann lena fhiosrú – bunaithe ar ábhar foghlama a chlúdaigh siad. Bíonn an scoláire freagrach, sábháilte agus eiticiúil nuair atá na meáin dhigiteacha á n-úsáid aige tráth taighde a dhéanamh ar ábhar tíreolaíochta. |
Obair le daoine eile | An dea-chaidreamh a fhorbairt agus plé le coimhlint Ag comhoibriú Meas a léiriú ar an éagsúlacht |
Éisteann an scoláire le tuairimí difriúla agus téann sé i mbun comhoibre chun cur i láthair a phleanáil i dtaobh aighneas tionscail agus comhshaoil. Sannann an scoláire róil agus beartaíonn sé grúpthionscadail. Bíonn meas ag an scoláire ar an éagsúlacht de bharr go mbíonn sé ag foghlaim faoi chultúir dhifriúla. |