Ionchais maidir le scoláirí
Is scáth-théarma é ionchais maidir le scoláirí a nascann torthaí foghlama le samplaí anótáilte de shaothar scoláirí i sonraíocht an ábhair. Nuair a bheidh múinteoirí, scoláirí nó tuismitheoirí ag scrollú síos trí na torthaí foghlama, beidh nasc ar fáil uaireanta le samplaí oibre a bhaineann le toradh foghlama ar leith nó le grúpa de thorthaí foghlama. Roghnófar na samplaí de shaothar scoláirí chun ionchais a léiriú agus beidh tráchtanna múinteoirí leo. Cuirfear ar fáil iad i dteannta na sonraíochta seo. Cuimseoidh na samplaí seo obair:
- atá thar barr ar fad
- atá os cionn na n-ionchas
- atá ag teacht leis na hionchais.
Is é an cuspóir atá leis na samplaí de shaothar scoláirí go dtaispeánfar iontu a oiread atá na torthaí foghlama á mbaint amach i bhfíorchásanna.
Torthaí Foghlama
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ba chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an tíreolaíocht sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus dá bhrí sin, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa tíreolaíocht go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. Cabhróidh an liosta de bhriathra gnímh (Aguisín A) agus an ghluais (Aguisín B) chun tuiscint a fháil ar an méid a bhfuil súil leis ón scoláire i ngach toradh foghlama. Cuirtear Tíreolaíocht na Sraithe Sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.
Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire fiosrú a dhéanamh ar an dóigh a gcruthaítear agus a n-athraítear an domhan fisiceach. Forbraíonn an scoláire eolas agus scileanna a chabhraíonn leis an domhan fisiceach a thuiscint agus a mhíniú. Pléann an scoláire le topaicí a bhaineann leis an tíreolaíocht fhisiceach agus fiosraíonn sé an gaol atá eatarthu agus aon impleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na topaicí sin do shaol an scoláire. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun tréithe spásúlachta agus foirmiú feiniméan sa domhan fisiceach a mhíniú.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |

| Próisis, patrúin, córais agus scála
2. Scileanna tíreolaíochta
3. Inbhuanaitheacht |

Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann daoine teagmháil leis an domhan fisiceach agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith aige sin dá shaol. Fiosraíonn an scoláire an tslí a mbraithimid ar an domhan fisiceach, an tslí a gcuirimid in oiriúint é agus an tslí a n-athraímid é. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun an chaoi a ndéanaimid teagmháil leis an domhan fisiceach ar mhaithe le cúrsaí eacnamaíocha, agus an chaoi a dtéimid i dtaithí ar fheiniméin fhisiceacha, a mhíniú.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |

| Próisis, patrúin, córais agus scála
2. Scileanna tíreolaíochta
3. Inbhuanaitheacht |

Forbhreathnú gairid ar an snáithe
Tá sé mar aidhm ag an snáithe seo cuidiú leis an scoláire fiosrú a dhéanamh ar dhaoine, áiteanna agus athruithe. Pléann an scoláire le topaicí a bhaineann le domhandú, forbairt, daonra agus idirspleáchas. Fiosraíonn an scoláire idirghaolmhaireachtaí agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag na topaicí sin dá shaol. Baineann an scoláire úsáid as a chuid eolais agus scileanna chun gréasáin lonnaíochta, uirbiú, déimeagrafaic agus forbairt an duine a mhíniú.
| Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |

| Próisis, patrúin, córais agus scála
2. Scileanna tíreolaíochta
3. Inbhuanaitheacht |