Ionchais maidir le scoláirí
Is ráitis iad na torthaí foghlama a chuireann síos ar an eolas, ar an tuiscint, ar na scileanna agus ar na luachanna ar chóir don scoláire a bheith ábalta a thaispeáint i ndiaidh dó staidéar a dhéanamh ar an staidéar gnó sa tsraith shóisearach. Baineann na torthaí foghlama a leagtar amach sna táblaí seo a leanas le gach scoláire. Faoi mar atá siad leagtha amach anseo léiríonn siad torthaí don scoláire ag deireadh na dtrí bliana staidéir. Leagann an tsonraíocht amach gur le haghaidh trí bliana atá na torthaí foghlama agus mar sin de, cé nach mbeidh torthaí foghlama a ndírítear orthu ag pointe ama ar leith ‘curtha i gcrích’ fós, leanfaidh siad orthu ag tacú le foghlaim an scoláire sa staidéar gnó go dtí deireadh na sraithe sóisearaí. Tá uimhir le gach toradh laistigh de gach snáithe. Tá sé i gceist go gcabhródh an t uimhriú le pleanáil an mhúinteora agus ní sheasann sé d’ordlathas tábhachta ar bith trasna na dtorthaí iad féin. Cuirtear staidéar gnó na sraithe sóisearaí ar fáil ag leibhéal comónta. Tabharfaidh na samplaí de shaothar scoláirí atá nasctha leis na torthaí foghlama idir thráchtanna agus léargais a thacaíonn le caighdeáin dhifriúla oibre i measc scoláirí.
Díríonn Airgeadas pearsanta ar an scoláire a bheith ag forbairt sraith scileanna, eolais agus luachanna a chuireann ar a chumas cinntí eolasacha a dhéanamh chun a chuid acmhainní airgeadais a bhainistiú go héifeachtach agus go freagrach. Sa snáithe seo foghlaimíonn an scoláire faoina chúrsaí airgeadais a bhainistiú, faoi iompar freagrach tomhaltóra agus faoin luach a bhaineann le hacmhainní a úsáid go heiticiúil agus go héifeachtúil chun tairbhe daoine aonair agus na sochaí.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Mo chuid acmhainní a bhainistiú |
|
Cúrsaí gnó a fhiosrú |
|
Scileanna a úsáid don ghnó |
|
Spreagann Fiontraíocht an scoláire chun deiseanna a shainaithint agus iad a thiontú ina ngníomhaíochtaí praiticiúla spriocdhírithe taobh istigh den ghnó agus den tsochaí i gcoitinne trína thuiscint, trína scileanna agus trína luachanna a fhorbairt agus a úsáid. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi bheith fiontraíoch, faoi fheidhmeanna eagraíochta agus faoin timpeallacht ghnó.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Mo chuid acmhainní a bhainistiú |
|
Cúrsaí gnó a fhiosrú |
|
Scileanna a úsáid don ghnó |
|
Cuireann Ár ngeilleagar ar chumas an scoláire an caidreamh dinimiciúil idir cúrsaí eacnamaíochta go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a thuiscint. Forbraíonn sé cumas an scoláire chun bun‑choincheapa eacnamaíochta a shainaithint agus a thuiscint faoi mar a bhaineann siad le hairgeadas pearsanta, le fiontraíocht agus le geilleagar na hÉireann. Sa snáithe seo, foghlaimíonn an scoláire faoi éileamh agus soláthar earraí agus seirbhísí, faoi ról an rialtais i mbainistiú an gheilleagair, agus faoi shaincheisteanna eacnamaíochta amhail trádáil, fostaíocht agus ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach.
Foghlaimíonn na scoláiri faoi | Ba chóir go mbeadh sé ar chumas an scoláire |
---|---|
Mo chuid acmhainní a bhainistiú |
|
Cúrsaí gnó a fhiosrú |
|
Scileanna gnó a úsáid |
|