Fealsúnacht agus príomhscileanna
An phríomhscil |
Gné na príomhscile |
Gníomhaíocht foghlama an scoláire |
---|---|---|
A bheith cruthaitheach |
Roghanna a fhiosrú |
Roghnaíonn an scoláire teicnící cuí chun fadhbanna a réiteach agus iarracht á déanamh aige/aici fadhbanna a réiteach trí argóint. Chun é seo a dhéanamh, lorgóidh sé/sí tuairimí agus dearcthaí éagsúla, cuimhneoidh sé/sí ar chásanna agus torthaí éagsúla, agus beidh sé/sí sásta a intinn a athrú. |
A bheith liteartha | Smaointe a chur in iúl go soiléir agus le cruinneas | Spreagann an fhealsúnacht úsáid bheacht teanga agus réasúnaíocht chúramach i gcumarsáid ó bhéal agus scríofa. |
A bheith uimheartha | Meon dearfach a fhorbairt i leith iniúchadh, réasúnaíochta agus réiteach fadhbanna | Tugtar uirlisí don scoláire sa ghearrchúrsa seo chun gnáthaimh smaointeoireachta a chleachtadh. Bogtar an bhéim ar obair an scoláire ón bhfreagra ‘ceart’ a aimsiú go dtí léirthuiscint a fháil ar an gcaoi a oibríonn na próisis um réiteach fadhbanna atá aige/aici. |
Cumarsáid |
Plé agus díospóireacht |
Gheobhaidh an scoláire muinín de réir mar a ghlacfaidh sé/sí páirt i bplé sa seomra ranga agus a fhreagróidh sé/sí seasaimh chontrártha go cuiditheach, le hargóintí réasúnacha. |
Eolas agus smaointeoireacht a bhainistiú |
Eolas agus sonraí a bhailiú, a thaifeadadh, a eagrú agus a mheas |
Baileoidh an scoláire smaointe ó raon foinsí agus déanfaidh sé/sí measúnú orthu agus foghlaimeoidh sé/sí conas sonraí a úsáid le tacú lena argóintí agus le breithnithe soiléire a dhéanamh. |
Mé féin a bhainistiú |
Aithne orm féin |
Trí bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí sa seomra ranga, lena n áirítear díospóireachtaí agus pléití ranga, foghlaimíonn an scoláire chun a láidreachtaí pearsanta a aithint agus feasacht a fhás faoi na tionchair a chuireann cruth ar a chreidimh agus a thoimhdí féin. |
Fanacht folláin |
A bheith dearfach faoin bhfoghlaim |
Tá an cúrsa seo fréamhaithe i gceisteanna an scoláire féin agus ceadaíonn an próiseas um breithniúchán daonlathach dó a ghlór a chleachtadh agus brí agus taitneamh a bhaint as an bhfoghlaim. Éisteacht a fháil agus meas a bheith air i bpobal fiosrúcháin a chruthaíonn cultúr dearfach sa seomra ranga. |
Obair le daoine eile |
Meas a léiriú ar éagsúlachtaí |
Spreagann an cúrsa seo an scoláire chun dearcthaí éagsúla a chur san áireamh agus chun léirthuiscint a bheith aige ar éagsúlacht mar fhoinse foghlama saibhrithe. Tugann sé dúshlán do smaointeoireacht ‘dubh agus bán’ an scoláire. |